James Clerk Maxwell
Cuma
(Athsheolta ó James Clark Maxwell)
Fisiceoir teoiriciúil a rugadh i nDún Éideann ab ea James Clerk Maxwell (13 Meitheamh 1831 – 5 Samhain 1879). In A Treatise on Electricity and Magnetism (Tráchtas ar Leictreachas is Maighnéadas, 1873), a leabhar cáiliúil ar thonnta leictreamaighnéadacha a raibh sárshaothar déanta ag Faraday orthu, leag sé amach an teoiric is an bunús matamaiticiúil a ghnóthaigh cáil dó mar phríomhfhisicí teoiriciúil an chéid sin. D'aithin sé gur tonn leictreamaighnéadach é solas. Gníomhach freisin i dtaighde ar theas, dathanna agus dathdhaille. Fuair sé bás in Cambridge, i Sasana.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "James Clark Maxwell". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 441.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |