István Sándorfi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaIstván Sándorfi

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(fr) Etienne Sandorfi
(hu) Sándorfi István
Beathaisnéis
Breith12 Meitheamh 1948
Búdaipeist, An Ungáir Cuir in eagar ar Wikidata
Bás26 Nollaig 2007
59 bliana d'aois
Páras, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaBúdaipeist Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibrePéintéireacht
Gairmpéintéir Cuir in eagar ar Wikidata
GluaiseachtHipir-réalachas
TeangachaAn Fhraincis

Suíomh gréasáinfosaw.com… Cuir in eagar ar Wikidata

Péintéir hipir-réalaíoch Ungárach ab ea István Sándorfi (Fraincis: Étienne Sandorfi, 12 Meitheamh 1948 i mBúdaipeist, an Ungáir, – 26 Nollaig 2007 i bPáras na Fraince).

Rugadh István (ar a dtugtar Etienne) i mBúdaipeist sa bhliain 1948, agus fuair sé bás i 2007. Bhí a athair ina stiúrthóir ar an gcomhlacht Meiriceánach, IBM, san Ungáir. Mar gheall ar an gceangal seo chaith sé cúig bliana i bpríosúin Stailíneacha le linn réimeas na gCumannach agus díbríodh a theaghlach go sráidbhaile scoite san Ungáir. Le linn éirí amach na bliana 1956 theith teaghlach Sandorfi as an tír agus rinneadh easaoránaigh díobh, sa Ghearmáin ar dtús, agus ansin sa Fhrainc. Chuaigh foréigean na réabhlóide i bhfeidhm go mór air agus an t-athrú ar na córais pholaitiúla go ginearálta, chuaigh Istvan i muinín na líníochta, agus ansin, ag 12 bliana d'aois, i mbun na péintéireachta ola.

an Bhí a chroí istigh go mór san ealaín, chun aimhleasa a chuid scolaíochta. Ag aois 17, agus é fós sa mheánscoil, bhí a chéad taispeántas aonair i ndánlann bheag i bPáras. Tar éis a dhara taispeántas, i 1966, d’éirigh sé as líníocht, agus dhítigh sé go heisiach ar phéintéireacht

I bhfianaise nádúr mífholláin phictiúir a mhic agus a n-easpa rathúlachta tráchtála, chláraigh athair Sandorfi Istvan ag Scoil na Mínealaíon, áit a raibh sé chun céim a bhaint amach, agus ag Scoil na nEalaíon Maisiúil.

Shíl an teaghlach go dtabharfadh sé seo stádas níos mó dó ná stádas "an ealaíontóra" amháin. Bhain sé neamhspleáchas airgeadais amach de réir a chéile trí choimisiúin phortráidí agus beagán léaráidí a ghlacadh,   chomh maith le pictiúir a dhíol ó am go chéile. Sa bhliainI 1973, bhí a chéad taispeántas suntasach ag Sandorfi, ag Músaem na Nua-Ealaíne i bPáras. Níos déanaí, bhí taispeántais aige sa Fhrainc, sa Ghearmáin, sa Bheilg agus ar deireadh sna Stáit Aontaithe..

Ar feadh cúig bliana déag nó mar sin, phéinteáil sé sraith fhéinphortráidí ar scála mór, a dúradh uaireanta go raibh siad ionsaitheach agus amharclannach ina gcarachtar, rud a tharraing cáil débhríoch air leis an bpobal. Scríobhadh gur ‘phéinteáil sé mar fheallmharfóir’. Ó 1988 ar aghaidh, thréig an t-ealaíontóir a chuid íomhánna a d’fhéadfadh cur isteach ar dhaoine agus thosaigh sé ag díriú ar a teicníc agus agus agus a mhionsaothrú a thuilleadh..

B'fhearr leis conarthaí eisiacha, níos lú ar chúiseanna airgeadais ná chun gnéithe riaracháin a ghairm bheatha a sheachaint agus milieu gairmiúil nach bhféadfadh sé a aithint, D'oibrigh Sandorfi le Dánlann Beaubourg ó 1974 go 1976, agus ansin ar feadh seacht mbliana le Dánlann Isy Brachot. Ó 1984 go 1988 bhí a chuid oibre ar taispeáint i ndánlanna éagsúla ag pátrún agus bailitheoir suimiúil agus ansin láimhseáil an Dánlann Prazan - Fitoussi é ó 1990 go 1993..

Ó 1994 go 2001, rinne Dánlann Jane Kahan i Nua-Eabhrac ionadaíocht ar a chuid pictiúr. Instinniúil agus féinmhúinte san obair mar a bhí sé sa saol, ó bhí a óige ann, bhí amhras ar Sandorfi i leith 'rudaí foghlamtha' agus tá sé fós dílis dá chuid tuairimí pearsanta. Is fearr leis a bheith ag péinteáil san oíche, ach gach lá téann sé a chodladh níos déanaí ná an lá roimhe, agus mar sin ag maireachtáil in aga moille síoraí, rud a fhágann é i leataobh ó aon saol sóisialta. Réitíonn Sandorfi an leithlisiú seo lena chiorcal teaghlaigh (tá sé ina athair do bheirt chailíní, Ange agus Eve) agus a shaol mothúchánach, mar sin coinníonn sé cothromaíocht íogair staidéarach idir a shaol agus a shaothar.

Taispeántais[cuir in eagar | athraigh foinse]

 

  • 1966 - Galerie des Jeunes, Paris • Galerie de la Barbière, Le Barroux
  • 1970 - Galerie 3+2, Paris
  • 1973 - Musée d'Art Moderne de la Ville de Paris
  • 1974 - Galerie Daniel Gervis, Paris
  • 1975 - Galerie Beaubourg, Paris
  • 1976 - Bucholz Galerie, Munich
  • 1977, 1980 - Galerie Isy Brachot, Brussels
  • 1978, 1981, 1983 - Galerie Isy Brachot, Paris
  • 1979 - FIAC, Galerie Isy Brachot, Paris
  • 1981 - Galerie Isy Brachot, Basel
  • 1982 - Amaury Taitinger Gallery, New York City
  • 1984 - FIAC, Galerie Isy Brachot, Paris
  • 1986 - Galerie Lavignes-Bastille, Paris - Galerie de Bellecour, Lyon
  • 1987 - Lavignes-Bastille Gallery, Los Angeles - Hôtel de Ville, Nancy
  • 1988 - Armory Show '88, Lavignes-Bastille Gallery, New York - Abbaye des Cordeliers, Châteauroux (retrospektív) - Louis K. Meisel Gallery, New York City - FIAC, Galerie Lavignes-Bastille, Paris
  • 1991 - Galerie Prazan-Fitussi, Paris
  • 1993 - Galerie Guénéguaud, Paris - Galerie Mann, Paris
  • 1994, 1997 - Jane Kahan Gallery, New York City – Art Miami, Jane Kahan Gallery
  • 1997 – Seattle Art Fair, Jane Kahan Gallery
  • 1999 - Galerie Tempera, Brussels
  • 1999-2000 - Gallerihuset, Copenhagen – The International 20th Century Arts Fair New York, Jane Kahan Gallery
  • 2002 – Art Palm Beach, Jane Kahan Gallery
  • 2006 - Erdész-Maklári Galéria, Budapest
  • 2007 - A test színeváltozása. Életműkiállítás, MODEM, Debrecen - Los Angeles Art Show, Jane Kahan Gallery
  • 2008 - Moscow World Fine Art Fair, Jane Kahan Gallery
  • 2008 - Haughton Art and Design Fair New York, Jane Kahan Gallery
  • 2009, 2010 - Los Angeles Art Show, Jane Kahan Gallery
  • 2010, 2011 - Haughton Art Antiques London, Jane Kahan Gallery
  • 2010 - Haughton International Fine Art & Antiques Dealers Show, Jane Kahan Gallery
  • 2016 - #MEAM - Barcelona
  • 2029 - #Hokimuseum in Japan.


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]