Jump to content

Ionchúiseamh Feidearálach in aghaidh Donald Trump (toghchán 2020)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtIonchúiseamh Feidearálach in aghaidh Donald Trump
Cineálcás dlí
cás coiriúil
ionchúiseamh de Donald Trump Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht1 Lúnasa 2023 - 
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Cúisattempts to overturn the 2020 United States presidential election (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CúisitheoirSmith special counsel investigation (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cosantóir
CúirtUnited States District Court for the District of Columbia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
BreitheamhTanya S. Chutkan Cuir in eagar ar Wikidata

Ar 1 Lúnasa 2023, bhí sé curtha i leith Donald Trump gur chuaigh sé i mbun comhcheilge chun torthaí an toghcháin uachtaránachta in 2020 a chur ar ceal ar mhaithe le fanacht i gcumhacht.[1]

Bhí coireanna éagsúla á gcur i leith Trump mar thoradh ar fhiosrúchán faoi na círéibeacha in Washington DC ar an 6 Eanáir 2020, cúiseanna a bhaineann lena iompar sa tréimhse idir an toghchán i Samhain 2020 agus an lá ar fhág sé an Tigh Bán ar an 20 Eanáir 2021.  Cuireadh i leith Trump gur chuaigh sé i mbun comhcheilge ar mhaithe le calaois a dhéanamh ar Stáit Aontaithe Mheiriceá.[1]

Senate Committee on the Judiciary, 2021-10-07[2]

Cúis faoi chomhcheilg le calaois a dhéanamh ar na Stáit Aontaithe, ,

Baineann an chéad chúis leis an líomhain go ndein sé iarracht bac a chur ar bhailiú, ar chomhaireamh agus ar dheimhniú vótaí.

Cúis faoi chomhcheilg le bac a chur ar imeachtaí oifigiúla agus cúis eile faoi bhac a chur ar imeachtaí oifigiúla,

Baineann dhá chúis eile le hiarracht a dhéanamh bac a chur ar chlárú vótaí na gcoláistí toghcháin i gComhdháil na Stát Aonraithe ar an 6 Eanáir, an lá go ndein drong de lucht tacaíochta Donald Trump ruathar ar an gCaipeatól.  

Cúis faoi chomhcheilg in aghaidh cearta.

Baineann an ceathrú cúis le hiarracht a dhéanamh cur as don cheart atá ag daoine vótáil agus an ceart atá acu go ndéanfaí a vótaí a chomhaireamh.[1]

An Chúirt Uachtarach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Trump fuascailt mór ón dlí, i mbreithiúnas ón gCúirt Uachtarach ar an 1 Iúil 2024 a rialaigh go bhfuil an iar-Uachtarán slán ó aon chontúirt cúiseamh do mhórchuid den méid a rinne sé agus é in oifig ó hEanáir 2017 go hEanáir 2021. Tá díolúine áirithe ó ionchúiseamh ag Trump de réir chinneadh Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe, a eisíodh ar an lá deireanach den téarma dlí 2023/2024.[3][4]

Deir an cinneadh go bhfuil díolúine iomlán ag uachtarán in aon "bheart oifigiúil"[5][6] ach nach bhfuil aon díolúine aige in aon "bheart neamhoifigiúil" nó príobháideach. Fuair an cinneadh tacaíocht ó 6 den 9 mbreitheamh ar an gcúirt, ina measc an triúr a ceapadh i rith théarma uachtarántachta Trump féin agus atá ar an eite dheis ar fad. Ina theannta sin, rialaigh an Chúirt Uachtarach go gcaithfeadh cúirteanna níos ísle a oibriú amach cé mar a chuirfí an cinneadh seo i bhfeidhm.[3]

Bua mór don daonlathas a thug Donald Trump ar an gcinneadh seo. Ach dúirt feachtas atofa Biden gur léirigh an cinneadh go gceapann Trump go bhfuil sé os cionn an dlí agus go ndéanfaidh sé aon ní chun an chumhacht a fháil agus a choinneáil.[3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]