Inteirféarón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cuid de chóras cosanta na colainne i gcoinne víreas, agus antasubstaintí. Nuair a ghalraítear cealla daonna le víreas, cruthaítear próitéiní ar leith (a dtugtar inteirféaróin orthu) sna cealla sin, agus idirleathann siad isteach i gcealla eile mórthimpeall. Tagann na cealla a fhaigheann na próitéiní seo le bheith frithsheasmhach i gcoinne an víris seo, de bhrí go gcuireann an phróitéin idirleata isteach ar iarrachtaí an víris macasamhlú sna cealla sin. Táthar ag iarraidh inteirféaróin shaorga a úsáid chun dul i gcoimhlint le galruithe víreas agus fiú le hailsí ar leith, ach de bhrí go bhfuil drochfho-iarsmaí ag baint leo, ní mór an dul chun cinn atá déanta go dtí seo. Tá aicme amháin inteirféaróin, an t-alfa-inteirféarón, atá éifeachtach mar chóir leighis i gcoinne heipitítis, leoicéime ar leith, agus ailse fola ar leith. Is amhlaidh a spreagann alfa-inteirféarón athchuingreach géinte a tháirgeann próitéiní a chuireann isteach ar mhacasamhlú an víris. Modhnaíonn an t-alfa-inteirféarón feidhmiú an chórais imdhíonaigh freisin, rud a chuireann leis an gcosaint fhrithvíreasach agus a choisceann fás ailsí. Táthar ag tuar go gcuirfidh innealtóireacht ghéiniteach go mór le saothru drugaí a bheidh bunaithe ar alfa-inteirféaróin agus éifeachtach sa chóras imdhíonach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Inteirféarón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 372.