Inmheatróis
| Cineál | female reproductive system disease (en) |
|---|---|
| Speisialtacht leighis | gínéiceolaíocht |
| Cóireáil chliniciúil | |
Cógais danazol (en) | |
| Pataigineas | |
| Suíomh | abdóman agus peilbheas |
| Cúis ghéiniteach | PDE1C, IL33, VEZT, KSR2 agus GREB1 |
| Aicmiú | |
| ICD-11 | GA10 |
| ICD-10 | N80 |
| ICD-9 | 617, 617.9 agus 617.8 |
| CIAP | X99 |
| Acmhainní seachtracha | |
| Enciclopèdia Catalana | 0102148 |
| OMIM | 131200 |
| DiseasesDB | 4269 |
| MedlinePlus | 000915 |
| eMedicine | 271899 agus 795771 |
| Patient UK | endometriosis-pro |
| MeSH | D004715 |
| Orphanet | 137820 |
| UMLS CUI | C0014175, C0269102 agus C0404545 |
| DOID | DOID:289 |
Neamhord coitianta go leor is ea Inmheatróis,[1] ina bhfásann na cealla a bhíonn mar líneáil ar an gcuas útarach (an t-inmheitriam) ag ionaid eile sa cholainn, de ghnáth áit eile sa pheilbheas (mar shampla, ar na hubhagáin, an reicteam, nó an lamhnán). Buailfidh sé 10% de mhná uair éigin i rith a saoil.[2]




Cúiseanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní heol cén fáth a dtarlaíonn inmheatróis, ach is féidir go n-imíonn cealla inmheitriacha suas trí na feadáin útaracha le hionchlannú sa pheilbheas (míostrú aisiompaithe). Freagraíonn na cealla inmheitriacha seo taobh amuigh den bhroinn do na comharthaí hormónacha céanna a bhfreagraíonn na cealla sa bhroinn dóibh. Prolaiféaraíonn siad, ag at gach mí, agus ag sceitheadh sa chéad tréimhse míostraithe eile. Spreagann sé seo freagairt athlasta sna horgáin pheilbheacha eile, agus is féidir go leanfaidh damáiste is coilm, fiú cisteanna lán d'fhuil sa bhfuil.
Cóireáil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is iad na siomptóim is troime a fheictear ná míostrú trom is pian sa pheilbheas, ach is féidir go dtiocfaidh neamhthorthúlacht as.
Is é an chóireáil ar an riocht seo ná drugaí chun aithris a dhéanamh ar thoircheas, drugaí chun cosc a chur ar phrolaiféarú na gceall inmheitriach, nó máinliacht chun na coilm is na cisteanna a bhaint.
Éire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuireadh Cumann Inmheatróise na hÉireann ar bun sa bhliain 1987 le heolas agus tacaíocht a thabhairt dóibh siúd go léir a gcuireann inmheatróis isteach orthu. Reáchtáiltear an Cumann ar bhonn deonach, agus is mná a bhfuil inmheatróis orthu den chuid is mó atá ina bhun.[3] Léigh as Gaeilge faoi anseo.[4][5]
Sa bhliain 2021, bhí 155,000 bean ar a laghad in Éirinn a raibh inmheatróis orthu, agus ag streachailt leis an bpian, In 2022, impigh Cumann Inmheatróise na hÉireann ar an Rialtas plean a chur i bhfeidhm chun ionaid speisialta a fhorbairt le go bhfaighidh mná ar fud na tíre faoiseamh ón bpian.[2]
Sa bhliain 2025, seoladh creatlach náisiúnta ar an inmheatróis; cuidíonn sé seo le comharthaí sóirt an ghalair a aithint. Tamaill níos déanaí, ghlac mná agus cailíní óga atá ag fulaingt inmheatróis páirt in agóid i mBaile Átha Cliath ag iarraidh breis tacaíochtaí ionas go mbeidh siad ábalta déileáil níos fearr lena míchumas, ag iarraidh go gcuirfeadh an Rialtas breis roghanna ar fáil dóibh i dtaca le cóir leighis a fháil thar lear. Dúirt lucht na hagóide gur minic nach dtuigtear cén tionchar a bhíonn ag an ngalar seo ar a sláinte.[6]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, endometriosis
- 1 2 Nuacht RTÉ (2022-02-24). "155,000 bean i bpian le easpa acmhainní don Inmheatróis" (as ga).
- ↑ "endometriosis.ie/" (en-GB). Endometriosis Association of Ireland. Dáta rochtana: 2022-03-01.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Inmheatróis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 369.
- ↑ "HealthBrochures.ie". www.healthbrochures.ie. Dáta rochtana: 2019-01-01.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-12-06). "Mná a fhulaingíonn le inmheatróis ag lorg breis cabhrach" (as ga-IE).