Jump to content

Inis Mór, Árainn

(Athsheolta ó Inishmore)
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachInis Mór, Árainn
(ga) Árainn Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
CineálOileán Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deOileáin Árann Cuir in eagar ar Wikidata
Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúilOileáin Árann Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie938 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinContae na Gaillimhe, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53° 07′ 25″ N, 9° 43′ 39″ O / 53.1236°N,9.7275°W / 53.1236; -9.7275
Suite i nó in aice le limistéar uisceCuan na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Airde os cionn na farraige123 m Cuir in eagar ar Wikidata
Toisí38 (leithead) × 14 (fad) km
Achar31 km² Cuir in eagar ar Wikidata

Tugtar Inis Mór[1] go minic ar an oileán is mó de chuid Oileáin Árann amach ó chósta na Gaillimhe (i gContae na Gaillimhe) in iarthar na hÉireann.

Is é Árainn ainm oifigiúil an oileáin, agus is é 'Árainn' freisin is mó a thugann muintir Oileáin Árann féin ar an oileán sin. Bunaithe ar 'Inishmore' an Bhéarla - leagan a cumadh sa 19ú céad - a tháinig an leagan truaillithe Gaeilge 'Inis Mór' chun cinn.[fíoras?]

Cill Rónáin, an baile measartha amháin atá ar an oileáin, tuairim agus 50 ciliméadar siar as cathair na Gaillimhe.

Tá Árainn ina Limistéar Cosanta Speisialta.[2]

Leac thuama
An Trá Thoir
Cill Rónáin
Grianghraf de Dhún Aonghusa

In 2024, d'fhógair Fáilte Éireann agus Údarás na Gaeltachta infheistíocht nua; tá os cionn €3 milliún le caitheamh chun forbairt a dhéanamh ar Ionad Cuairteoirí Árann – Áit na Cloiche, a bheidh lonnaithe san áit a mbíodh Ionad Oidhreachta Oileáin Árann i gCill Rónáin.

Tá sé mar aidhm ag an infheistíocht síneadh a chur le séasúr turasóireachta na n-oileán, taithí an chuairteora a fheabhsú agus leas eacnamaíochta agus cultúrtha a dhéanamh do phobal na háite. Tá sé i gceist caifé agus áiseanna eile do thurasóirí a fhorbairt mar chuid den togra, chomh maith le háiseanna gur féidir le muintir na háite úsáid a bhaint astu nuair a bhíonn an séasúr turasóireachta thart.[3]

Beidh ionad ann a inseos scéal oidhreachta Árann do chuairteoirí agus beidh sé oscailte an bhliain ar fad – do thurasóirí agus freisin do mhuintir an oileáin a bheas in ann é a úsáid le teacht le chéile ann.[4]

An Ghaeilge ar Inis Mór

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé nach bhfuil An Ghaeilge chomh láidir ar Inis Mór 's atá sí ar Inis Oírr agus Inis Meáin, tá an Ghaeilge fós mar theanga an phobail ar Inis Mór. I ndaonáireamh 2016 fuarthas amach go bhfuil Gaeilge ag 81% de mhuintir an oileáin agus go labhraíonn 59% den ndaonra an Ghaeilge go laethúil.

Áitritheoirí aithnidiúla

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Inis Mór/Inishmore | logainm.ie (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. "Inishmore SPA". An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra. Dáta rochtana: 22ú Iúil 2025.
  3. Máirtín Ó Catháin (14 Meán Fómhair 2024). "Breis is €4 milliún le caitheamh ar fhorbairt ionaid turasóireachta ar Árainn agus ar Chléire" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-15.
  4. Sorcha Ní Mhonacháin / Nuacht RTÉ (2024-09-13). "€4 mhilliún do thograí turasóireachta ar oileáin Ghaeltachta" (as ga-IE).