Jump to content

Inis Mór, Árainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Inis Mór)
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachInis Mór, Árainn
(ga) Árainn Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
CineálOileán Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deOileáin Árann Cuir in eagar ar Wikidata
Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúilOileáin Árann Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie938 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinContae na Gaillimhe, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53° 07′ 25″ N, 9° 43′ 39″ O / 53.1236°N,9.7275°W / 53.1236; -9.7275
Suite i nó in aice le limistéar uisceCuan na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Airde os cionn na farraige123 m Cuir in eagar ar Wikidata
Toisí38 (leithead) × 14 (fad) km
Achar31 km² Cuir in eagar ar Wikidata

Tugtar Inis Mór[1] go minic ar an oileán is mó de chuid Oileáin Árann amach ó chósta na Gaillimhe (i gContae na Gaillimhe) in iarthar na hÉireann. Is é Árainn ainm oifigiúil an oileáin, agus is é 'Árainn' freisin is mó a thugann muintir Oileáin Árann féin ar an oileán sin. Bunaithe ar 'Inishmore' an Bhéarla - leagan a cumadh sa 19ú céad - a tháinig an leagan truaillithe Gaeilge 'Inis Mór' chun cinn.

Cill Rónáin, an baile measartha amháin atá ar an oileáin, tuairim agus 50 ciliméadar siar as cathair na Gaillimhe.

Leac thuama
An Trá Thoir
Cill Rónáin
Griangraf Dhún Aonghusa

In 2024, d'fhógair Fáilte Éireann agus Údarás na Gaeltachta infheistíocht nua; tá os cionn €3 milliún le caitheamh chun forbairt a dhéanamh ar Ionad Cuairteoirí Árann – Áit na Cloiche, a bheidh lonnaithe san áit a mbíodh Ionad Oidhreachta Oileáin Árann i gCill Rónáin.

Tá sé mar aidhm ag an infheistíocht síneadh a chur le séasúr turasóireachta na n-oileán, taithí an chuairteora a fheabhsú agus leas eacnamaíochta agus cultúrtha a dhéanamh do phobal na háite. Tá sé i gceist caifé agus áiseanna eile do thurasóirí a fhorbairt mar chuid den togra, chomh maith le háiseanna gur féidir le muintir na háite úsáid a bhaint astu nuair a bhíonn an séasúr turasóireachta thart.[2]

Beidh ionad ann a inseos scéal oidhreachta Árann do chuairteoirí agus beidh sé oscailte an bhliain ar fad – do thurasóirí agus freisin do mhuintir an oileáin a bheas in ann é a úsáid le teacht le chéile ann.[3]

An Ghaeilge ar Inis Mór

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé nach bhfuil An Ghaeilge chomh láidir ar Inis Mór 's atá sí ar Inis Oírr agus Inis Meáin, tá an Ghaeilge fós mar theanga an phobail ar Inis Mór. I ndaonáireamh 2016 fuarthas amach go bhfuil Gaeilge ag 81% de mhuintir an oileáin agus go labhraíonn 59% den ndaonra an Ghaeilge go laethúil.

Áitritheoirí aithnidiúla

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Inis Mór/Inishmore | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. Máirtín Ó Catháin (14 Meán Fómhair 2024). "Breis is €4 milliún le caitheamh ar fhorbairt ionaid turasóireachta ar Árainn agus ar Chléire" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-15.
  3. Sorcha Ní Mhonacháin / Nuacht RTÉ (2024-09-13). "€4 mhilliún do thograí turasóireachta ar oileáin Ghaeltachta" (as ga-IE).