Imshruthú teirmeahailíneach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i gceist le imshruthú teirmeahailíneach ná imshruthú sa bhfarraige de bharr difríochtaí teochta is salandachta an tsáile. Tarlaíonn na difríochtaí seo mar thoradh ar théamh nó fuarú, galú nó comhdhlúthú, oighriú nó leá, agus na hathruithe iarmharacha i ndlús an tsáile ag dromchla na farraige.

Míniú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Má mhéadaíonn an tsalandacht nó má laghdaíonn an teocht, méadófar an dlús, agus a mhalairt má laghdaíonn an tsalandacht nó má mhéadaíonn an teocht. Fiú más beag na hathruithe sa dlús, cuireann siad tús le himshruthú ingearach.

Nuair a bhíonn dlús san uisce dromchlach níos mó ná san uisce faoina bhun, téann sé faoi, ag brú an uisce éadlúith i leataobh go sroicheann doimhneacht mar a bhfuil an t-uisce faoi sin níos dlúithe. Ansin leathann sé amach go cothrománach.

Mar sin, bíonn an fharraige ina cisil, an t-uisce is dlúithe ag an ngrinneall, agus cisil leanúnacha níos éadlúithe os a chionn. Is é sin, bíonn an fharraige srathaithe go hingearach den chuid is mó, agus tugtar maiseanna uisce is saghsanna uisce ar na cisil le teochtaí is salandachtaí sainiúla.

Patrúin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an t-imshruthú teirmeahailíneach éagsúil ó phatrúin imshruthaithe an uisce dhromchlaigh, de bharr na gaoithe a bhíonn eagraithe i gcriosanna leitheadúla, cosúil leis na criosanna aeráideacha. Is iad an crios dromchlach, atá measctha go maith, agus an crios teirmeachlaonach na criosanna ina dtarlaíonn na hathruithe is mó sna tréithe fisiciúla. Is lú ar fad na hathruithe sna tréithe fisiciúla is doimhne ná an príomh-theirmeachlaonas sna haigéin (timpeall 1 km ar doimhneacht).

Ní bhíonn aon bhaint le haon imshruthú teirmeahailíneach go domhain ansin le himshruthú dromchlach, ach amháin timpeall an Antartaigh mar a síneann an Sruth Impholach Antartach ó bharr go grinneall, an príomhnasc idir na 3 phríomhimchuach aigéanach.

Is í an tuiscint is fearr anois go gcruthaítear an chuid is mó de na maiseanna doimhne uisce ag domhanleithid arda, agus go dtagann uiscí go léir ghrinnill na n-aigéan is na bhfarraigí ón Antartach.[1]

Athrú aeráide[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá na heolaithe ag dúil le hathruithe suntasacha a fheiceáil sna sruthanna luath nó mall leis an athrú aeráide.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Imshruthú teirmeahailíneach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 367.
  2. Damian Carrington, Damian Carrington Environment editor (2023-07-25). "Gulf Stream could collapse as early as 2025, study suggests" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2023-07-26.