Hidrimeitéar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is hidrimeitéar ann sa mheitéareolaíocht ná aon uisce san atmaisféar, beag beann ar a staid. Cuimsíonn an téarma scamaill, ceo, drúcht, ceobhrán, báisteach, flichshneachta, cloichshneachta is sneachta. Fuaraíonn aer atá ag éirí go dtí a dhrúchtphointe, agus comhdhlúthaíonn ar pháirteagail deannaigh, salainn, deataigh is eile chun braoiníní uisce is scamaill a chruthú. Ar aon nós, tugtar scamall air seo más ag airde mhór é, ach má tharlaíonn sé gar don talamh tugtar ceodrúcht air. Má fhásann braoinín a dhóthain, titfidh sé mar fhrasaíocht. Braitheann an saghas a thiteann ar an talamh ar theocht an aeir idir an scamall is an talamh. I gcuid mhaith den Domhan is báisteach agus sneachta príomhchodanna an chomhdhlúthaithe, agus úsáidtear na focail ‘báisteach’ is ‘comhdhlúthú’ go hinmhalartach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Comhdhlúthú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 164.