Hidrimeitéar
Is éard is hidrimeitéar ann sa mheitéareolaíocht ná aon uisce san atmaisféar, beag beann ar a staid. Cuimsíonn an téarma scamaill, ceo, drúcht, ceobhrán, báisteach, flichshneachta, cloichshneachta is sneachta. Fuaraíonn aer atá ag éirí go dtí a dhrúchtphointe, agus comhdhlúthaíonn ar pháirteagail deannaigh, salainn, deataigh is eile chun braoiníní uisce is scamaill a chruthú. Ar aon nós, tugtar scamall air seo más ag airde mhór é, ach má tharlaíonn sé gar don talamh tugtar ceo nó drúcht air. Má fhásann braoinín a dhóthain, titfidh sé mar fhrasaíocht. Braitheann an saghas a thiteann ar an talamh ar theocht an aeir idir an scamall is an talamh. I gcuid mhaith den Domhan is báisteach agus sneachta príomhchodanna an chomhdhlúthaithe, agus úsáidtear na focail ‘báisteach’ is ‘comhdhlúthú’ go hinmhalartach.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Comhdhlúthú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 164.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |