Oighriú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Clúdú dhromchla an Domhain le hoighearshruthanna, chomh maith leis an ngníomhú cnaíte a dhéanann gluaiseacht an oighir thar dhromchla na talún. Tharla an tréimhse oighrithe forleithne is deireanaí sa ré Phléisticéineach timpeall 120,000 bliain ó shin, nuair a mhéadaigh na hoighearchaidhpeanna Molacha gur chlúdaigh siad suas le 30% de dhromchla an Domhain. Nuair a theitheann an t-oighriú (theith an t-oighear i dtreo na Mol timpeall 10,000 bliain ó shin ag deireadh na hoighearaoise seo caite) táirgtear tírghnéithe cnaíte mar thoradh ar scríobadh is deascadh an oighir is a mbíonn sáinnithe ann. Bíonn torthaí ar na próisis imoighreacha freisin mar gheall ar shioc is sneachta thart ar imeall an leac oighir.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Oighriú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 494.