Pléisticéineach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An ré luath den dá ré sa tréimhse Cheathartha dheireanach, 2 mhilliún go dtí timpeall 10,000 bliain ó shin. Sa leathsféar thuaidh, tharla cuid mhaith tréimhsí oighrithe inar leathnaigh an t-oighear ó dheas is ar chúlaigh arís. Ba shuntasach gur díothaíodh mamaigh, cosúil leis an mamat is an mastadán, sna limistéir oighrithe, gur tharla éabhlóid an duine, agus gur tháinig cuid mhaith de bheatha mhamach an lae inniu chun cinn le linn na ré.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Pléisticéineach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 526.