Ibeach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Capra ibex

Gabhar storrúil tréadúil fiáin is sea an t-Ibeach [1].

Tréithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Gabhar toirtiúil trom é seo a mbíonn airde 85-100 cm ag an ngualainn ann[2].
  • Donn, donnghlas nó liath a bhíonn an fionnadh cé gur éadroime dath an bhoilg. Fionnadh aondathach a bhíonn ar an aghaidh.
  • Adharca móra a bhíonn ar an bpocán a lúbann siar[3]. Bíonn iomairí suntasacha orthu ar an dromchla leata tosaigh. Is lú adharca na minsí (minseach).

Speiceas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dhá chineál ann:

agus

  • an t-ibeach Spáinneach atá dúchasach do na Piréiní.
an t-ibeach Spáinneach, San Diego

Tá gaol gairid aige leis an bhfiaghabhar agus is féidir leis an dá speiceas crosphórú.

Gnáthóg[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna hAIpa, i sléibhte Tatra na Slóvaíce agus i sléibhte na Spáinne a bhíonn an t-ibeach le fáil. Cónaíonn sé ag airde an tsíorshneachta ar shléibhte na hÁise freisin.

Bíonn an t-ibeach aclaí cosdaingean ar thalamh géar dochach. Ina dtréada beaga a bhíonn na minseacha lena meannáin. Is nós leis na pocáin a bheith ina n-aonar.

Féar, toir bheaga, léicin, etc. a itheann an tIbeach. I sléibhte arda a chuireann sé faoi níos faide suas ná an seamaí go híondúil.

Seamaí (chamois).[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa Chréit agus in oileáin eile de chuid na Gréige, faightear fiaghabhair a bhfuil an-dealramh acu leis an Ibeach. Is éadroime an fiaghabhar agus fionnadh breac a bhíonn air. Cruth bíse a bhíonn ar a adharca go minic.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Fréamh an Eolais is ainm don chiclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta a chuir an tOllamh Matthew Hussey le chéile agus a d'fhoilsigh an chuideachta Coiscéim sa bhliain 2011.
  2. Eolaí Póca – Mamaigh, le Eleanor Lawrence (An Gúm Curtha i gcartlann 2020-08-13 ar an Wayback Machine) ISBN 185791161X.
  3. adharca cruinn i dtrasghearradh ach ciorclaithe le sceireacha, garbh fada, cuartha siar