Iarnród Dhún Pádraig agus Chontae an Dúin
Iarnród Dhún Pádraig agus Chontae an Dúin | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Iarnród oidhreachta | |||
Cuid de | list of heritage railways in Northern Ireland (en) | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Contae an Dúin, Northern Ireland | |||
Suíomh | Market Street, DOWNPATRICK, County Down, BT30 6LZ | |||
| ||||
Suíomh gréasáin oifigiúil | downrail.co.uk | |||
Is é an t-Iarnród Dúin Pádraig agus Contae an Dúin ná iarsmalann iarnróid atá suite i nDún Pádraig, Contae an Dúin, Tuaisceart Éireann. Is é an t-aon iarsmalann iarnróid leathan amháin in Éirinn é. Tá trí mhíle ráille ag an iarnród, a thosaínn ag an stáisiún i mbaile mór Dúin Pádraig agus ritheann go dtí Mainistir na hInse ó thuaidh, agus go dtí uaigh Magnus III, Rí Lochlann ó theas.[1]
Is leis an iarnród bailiúchán mór galinneall, inneall díosal, agus carráistí ón 1860idí go dtí na 1980idí.[2] Oibrítear an t-iarnród ar fad ag saorálaithe, a athchóiríonn agus thugann aire do rothstoc agus dhéantáin na hiarnróid.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tógadh an iarsmalann ar an áit ina raibh Iarnród Bhéal Feirste agus Contae an Dúin, a chuaigh idir Béal Feirste, Dún Pádraig, agus an Caisleán Nua. Dúnadh an t-iarnród go dtí Dún Pádraig i 1950, agus baineadh na ráillí ón líne i 1953.
Sna 1980idí, bhunaigh ailtire áitiúil Gerry Cochrane cumann saorálach chun cuid den iarnród a atógáil. Athchóiríodh an líne go dtí Stáisiún Dola Dúin Pádraig, míle amháin amuigh ó Dhún Pádraig; osclaíodh an t-iarnród nua i 1987. Síneadh an líne go dtí Stáisiún Uaighe Rí Magnus i 1995, agus go dtí Stáisiún Mhainistir na hInse i 2005.
Rothstoc
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá trí ghalinneall umar ag an iarnród: uimhreacha 1, 3, agus 90. Tógadh Uimh. 1 agus 3 ag Orenstein & Koppel le linn na 1930idí sa Ghearmáin le haghaidh ag siúntadh ar son Chomhlacht Siúicre Éireann. Tógadh uimhir 90 in Inse Chóir ag Mór-Iarnród an Deiscirt agus an Iarthair sa bhliain 1875 – is é an dara hinneall traenach is sine in Éirinn é.
Freisin, tá ocht n-inneall díosail i nDún Pádraig – is leis an iarnród trí cinn acu, agus is le Grúpa Tarraingthe na hÉireann cúig cinn acu.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Downpatrick & County Down Railway" (en-GB). Downpatrick & County Down Railway. Dáta rochtana: 2023-01-30.
- ↑ "Rolling stock" (en-GB). Downpatrick & County Down Railway. Dáta rochtana: 2023-01-30.