Inneall gaile
Appearance
Inneall dócháin sheachtraigh ina ngintear an sreabhán feidhmithe (an ghal) i gcoire taobh amuigh den inneall. Treoraítear an ghal isteach i gcuasán an innill le comhla, agus de réir mar a fhorbraíonn sí, cuireann sí brú ar loine. Tiomáineann an loine an cromsheafta chun rothlaithe lena slat. Ligtear an ghal amach as an gcuasán ansin le comhla sceite, filleann an loine ar a bunphointe, agus tosaíonn an timthriall arís. Is féidir obair áisiúil a fháil ón inneall seo, traein a thiomáint leis mar chuid den traein, nó meaisíní i monarcha a thiomáint le hinneall fosaithe.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Inneall gaile". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 369.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |