Mór-Iarnród an Deiscirt agus an Iarthair
| Sonraí | |
|---|---|
| Giorrúchán | GS&WR |
| Cineál | comhlacht iarnróid |
| Stair | |
| Téann in áit | Waterford, Limerick and Western Railway (en) |
| Dáta a bunaíodh | 1844 |
| Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 1924 |
| Rud nó duine a tháinig ina áit | Mór-Iarnród an Deiscirt |
Comhlacht iompair phoiblí ab ea Mór-Iarnród an Deiscirt agus an Iarthair (MIDI nó Great Southern and Western Railway, GS&WR), i mbun gnó in Éirinn ó 1844 go dtí 1924/1925.
Ba í an phríomhlíne idir Baile Átha Cliath agus Corcaigh croílár an chomhlachta; is minic a tugadh an "Phríomhlíne" uirthi. Bhí ceanncheathrú MIDI ag stáisiún Kingsbridge (Heuston anois) i mBaile Átha Cliath. Faoi dheireadh an 19ú haois agus tús an 20ú haois, ba é MIDI an ceann ba mhó de na ceithre mhórchomhlacht iarnróid a bhí in Éirinn; bhí líonra beagnach 1,800 ciliméadar aige, agus 390 ciliméadar de sin ina líne dhúbailte.[1]




Bunú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinneadh roinnt iarrachtaí roimh 1845 iarnróid a bhunú i ndeisceart na hÉireann, ach theip orthu. Sna 1840idí, rinne Peter Purcell — tiarna talún saibhir agus fear gnó a bhí i mbun cóiste poist — iarracht eile, mar aon lena chomhghleacaithe. D'éirigh leo Acht a bhrú tríd an bParlaimint chun MIDI a bhunú; ritheadh an tAcht sin an 6 Lúnasa 1844.[2]
Chuidigh an t-innealtóir John Benjamin MacNeill go mór le Purcell; bhí taithí oibre aige le hiarnróid i Sasana, agus aithne aige ar dhaoine i Londain. Bhí Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe, Robert Peel, i bhfabhar an bhunphlean — comhlacht amháin do dheisceart na hÉireann ar fad — mar gur dóichí go mbeadh sé níos brabúsaí d'infheisteoirí saibhre, agus níos éasca a rialú; is dócha gur chuidigh sin le rith an Achta. Ba é William Dargan, an conraitheoir iarnróid ba cháiliúla in Éirinn, a thóg an chuid is mó den phríomhlíne agus cuid mhaith de bhealaí eile MIDI.[1]
Síneadh cumhachtaí MIDI sna blianta dár gcionn.[3]
Fás na príomhlíne
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chinn na stiúrthóirí tosú le tógáil na coda den phríomhlíne idir Baile Átha Cliath agus Baile na Silíní,[4] in aice le Contae Chill Dara, mar aon leis an mbrainse go Ceatharlach. Thosaigh an obair i mí Eanáir 1845, agus cuireadh tús leis an tseirbhís ar an 4 Lúnasa 1846.[1]
Ar an 24 Iúil 1848, d'oscail an stáisiún traenach i Muine Bheag, Contae Cheatharlach. Ábhar iontais ó thaobh na teicneolaíochta de ba ea é ag an am, le linn an Gorta Mór agus réabhlóidí ag leathadh go rábach ar fud na hEorpa sa bhliain sin (na hÉireannaigh Óga srl). I mí Iúil na bliana céanna, shroich an phríomhlíne Gabhal Luimnigh, áit ar bhuail sí leis an iarnród idir Port Láirge agus Luimneach; ó shin, agus ag cur tús le ceangal iarnróid idir Baile Átha Cliath agus Luimneach.[1]
I mí Dheireadh Fómhair 1849, shroich an phríomhlíne imeall Chorcaí, áit ar oscail MIDI ceann scríbe sealadach. Bhí tollán 1,239 méadar de dhíth ar an míle deireanach den bhealach isteach go lár na cathrach, agus thóg sé sé bliana eile é a chríochnú. Cuireadh tús leis an tseirbhís tríd an tollán i mí na Nollag 1855, ag dul chuig ceann scríbe sealadach eile cois na Laoi. D'oscail an ceann scríbe buan i gCorcaigh i mí Iúil 1856.[1]
Tógadh Tarbhealach na Buiríse[5] in 1860 chun MIDI a iompar ó Mhuine Bheag go dtí An Phailís Thoir[6] i gContae Loch Garman.[7]
Iomaíocht agus fairsingiú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí MIDI san iomaíocht le Midland Great Western Railway (MGWR) ar feadh na mblianta: bhí seirbhísí ag an dá chomhlacht idir Baile Átha Cliath agus iarthar na hÉireann — MIDI ag dul siar ó dheas go Luimneach, Corcaigh agus Port Láirge, agus MGWR ag dul siar go Gaillimh, Cathair na Mart agus Sligeach. Sa bhliain 1859, d'oscail MIDI brainse ón bpríomhlíne go Baile Átha Luain, áit ar bhuail sé le príomhlíne MGWR go Gaillimh.[1]
Bhí an bealach go Port Láirge níos casta: ba chomhlachtaí eile ar fad, ní MIDI, a thóg an t-iarnród ón gCeatharlach go Port Láirge ar dtús, agus ba mhinic drochchaidreamh a bheith idir na comhlachtaí sin agus MIDI. Níor tháinig an bealach iomlán idir Baile Átha Cliath agus Port Láirge faoi chomhlacht amháin go dtí gur ghlac MIDI ceannas air sa bhliain 1900. Agus sa bhliain 1901, cheannaigh MIDI comhlacht eile, Waterford, Limerick and Western Railway; thug sé sin bealach dó ó Phort Láirge go Luimneach, Baile Átha an Rí, Clár Chlainne Mhuiris agus Cúil Mhuine, chomh maith le líne go Trá Lí trí thuaisceart Chiarraí.[1]
Óstáin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1854, d'oscail MIDI óstán in aice le stáisiún Cill Airne; b'in an chéad óstán faoi úinéireacht comhlachta iarnróid in Éirinn, agus ceann de na cinn ba luaithe dá shórt ar domhan. Sna blianta ina dhiaidh sin, chuir MIDI óstáin eile ar bun in áiteanna eile i Contae Chiarraí, chomh maith le hóstáin bheaga tráchtála ag Gabhal Luimnigh agus in aice lena stáisiúin i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh. Sa bhliain 1925, tháinig na hóstáin sin faoi Great Southern Hotels; díscaoileadh an grúpa sin sa bhliain 2006.[1]
Stailc 1911
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí Mheán Fómhair 1911, chuaigh oibrithe MIDI ar stailc náisiúnta, tar éis beirt fhear a bhí ag obair i stáisiún Kingsbridge earraí a chur amú. Tugadh Arm na Breataine isteach chun na ráillí agus na traenacha a chosaint, agus tugadh oibrithe ó áiteanna eile isteach chun obair na stailceoirí a dhéanamh.
Briseadh an stailc go dian laistigh de dhá mhí; dhífhostaigh úinéir MIDI, William Goulding, deichiú cuid dá lucht oibre mar gheall ar a bpáirt sa stailc.[1]
Tionóiscí
[cuir in eagar | athraigh foinse]An 5 Lúnasa 1912, thuairteáil traein ó Chill Airne in aice le Mala i gContae Chorcaí; bhí 200 paisinéir uirthi, gortaíodh 96 acu go dona, agus fuair duine amháin acu bás dá bharr ina dhiaidh sin.
An 19 Nollaig 1916, i gceo trom, níor thug tiománaí traenach oibre sonrú ar chomhartha dearg i gCoillte Mách, Contae Mhaigh Eo; thuairteáil an traein sin isteach i dtraein eallaigh fholamh, agus maraíodh seisear. Oibrithe a bhí ag deisiú na ráillí ab ea cuid mhaith acu.[1]
Deireadh agus oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1924, rith Dáil Éireann Acht a chuir MIDI, Midland Great Western Railway, Cork, Bandon and South Coast Railway, agus formhór na n-iarnród eile a bhí go hiomlán i Saorstát Éireann, le chéile; as sin a tháinig Mór-Iarnród an Deiscirt (Great Southern Railway).
I mí Eanáir 1925, chónaisc an comhlacht nua sin leis an Dublin and South Eastern Railway, agus bunaíodh Mór-Iarnróid an Deiscirt (Great Southern Railways). Fágadh amach as an gcónascadh na hiarnróid a thrasnaigh an teorainn.[1]
Sa bhliain 1945, chónaisc Mór-Iarnróid an Deiscirt le Grand Canal Company agus le Dublin United Tramway Company chun Córas Iompair Éireann (CIÉ) a bhunú. Náisiúnaíodh CIÉ sa bhliain 1950, ach scoilteadh ina chomhlacht iarnróid agus ina chomhlacht bóthair é sa bhliain 1987. Ó shin, is é Iarnród Éireann atá i mbun na n-iarnród.
Tá go leor de bhealaí MIDI fós ar na cinn is mó a úsáidtear in Éirinn inniu, ag nascadh Baile Átha Cliath le Luimneach, Corcaigh agus Port Láirge.
Tá armais Bhaile Átha Cliath, Chorcaí agus Luimnigh le feiceáil fós ar aghaidh Stáisiún Heuston.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 Bunaithe go príomha ar Murray, K.A.; McNeill, D.B. (1976). Great Southern & Western Railway. Baile Átha Cliath: Irish Railway Record Society. ISBN 0-904078-05-1.
- ↑ "MINUTES. (Hansard, 6 August 1844)". api.parliament.uk. Dáta rochtana: 2020-08-04.
- ↑ legislation.gov.uk (1845, 1846, srl...). "Chronological Tables of Local Acts". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ Logainm. "Baile na Silíní/Cherryville" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2020-08-04.
- ↑ carlowtourism.com (2018-03-01). "Na Naoi gCloch go dtí an Bhuiríos (E-H) - Gaelige" (ga). Carlow Tourism. Dáta rochtana: 2020-08-04.
- ↑ Logainm. "An Phailís Thoir/Palace East" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2020-08-04.
- ↑ "Palace East railway station" (as en) (2020-05-27). Wikipedia.