Dúnmharú Sophie Toscan du Plantier
| ||||
Cineál | bás de Sophie Toscan du Plantier | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 23 Nollaig 1996 | |||
Suíomh | An Scoil, Éire | |||
Tír | Éire | |||
Íospartach | Sophie Toscan du Plantier | |||
Dúnmharaíodh go danartha Sophie Toscan du Plantier, de bhunadh na Fraince agus scannánóir, in iarthar Chorcaí (an Tuar Mór[1], an Scoil) ar 23 Nollaig 1996. Fuarthas a corp ar chosán in aice lena teach saoire.
Ba é Ian Bailey an té ba mó a bhí faoi amhras as an dúnmharú. Fuair sé bás ar 21 Eanáir 2023 i mBeanntraí in iarthar Chorcaí, agus in aois 66 bliain dó.[2]
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Léiritheoir scannán de bhunadh na Fraince ab ea Sophie Toscan du Plantier. Ionsaíodh í ar bhóithrín in aice lena teach i rith na hoíche.
D'inis comharsa, Marie Farrell do Ghardaí go bhfaca sí fear, Ian Bailey, ag amanna áirithe in áiteanna bainteach leis an bhfiosrúchán.[3] Mhaígh Bailey nach raibh aon bhaint aige leis an dúnmharú, agus nach raibh aithne ar bith aige ar Toscan du Plantier.
Ach dúirt Farrell níos déanaí gur cuireadh brú uirthi Ian Bailey a ainmniú mar an té a bhí feicthe aici. Agus dúirt abhcóide do Bailey gurb tráth na Nollag a bhí ann agus go raibh go leor dí ólta agus go gcaithfí é sin a chur san áireamh ó thaobh cruinnis na ráiteas de.[4]
Ainm Bailey a ghlanadh?
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2014, mhaígh Ian Bailey gur gabhadh san éagóir é faoi dhúnmharú Sophie Toscan du Plantier i 1996. Chuir sé an dlí ar an Stát, Coimisinéir na nGardaí, an tAire Dlí agus ar an Ard-Aighne faoin tslí ar caitheadh leis nuair a bhí sé faoi amhras gur dhúnmharaigh sé Sophie Toscan du Plantier.[5] Dúirt Bailey go raibh a shaol millte le 19 bliain mar gur cuireadh coir ina leith nach raibh baint ná páirt aige leis.
Theip ar an gcás seo agus d'ordaigh an Ard-Chúirt d’Ian Bailey na costais ar fad a bhain leis an gcás a íoc, rud nach raibh sé in ann a dhéanamh.[6]
Foréigean teaghlaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'ionsaigh Ian Bailey a chara, Jules Thomas, trí huaire. Gabhadh é ar chúisimh a bhain leis na ionsaithe ag aerfort Chorcaí agus é ag éalú, is cosúil. Ciontaíodh Ian Bailey ar chúisimh a bhain le foréigean teaghlaigh sa bhliain 2001 [7][8]. Bhí air £2,500 a íoc mar chúiteamh.
Ciontaíodh Bailey
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuireadh fear áitiúil, Ian Bailey, ar a thriail in absentia I gcúirt sa Fhrainc. Ar 31 Bealtaine 2019, fuarthas Bailey ciontach i ndúnmharú Sophie Toscan du Plantier i mí na Nollag 1996 agus gearradh téarma príosúin 25 bliain air. Níor ghlac Ian Bailey ná a dhlíodóirí aon pháirt sa triail sin agus rinne siad neamhshuim den phróiseas.
Rinne údaráis na Fraince cúpla iarratas Bailey a eiseachadadh chun na tíre, ach theip orthu.[9] Ar an 13 Deireadh Fómhair 2020, dhiúltaigh na cúirteanna in Éirinn d'iarratas na Fraince, don tríú uair, Ian Bailey a eiseachadadh chun na tíre sin.[10]
Ní raibh aon chor eile sa chás idir 2020-2024.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ logainm. "An Tuar Mór". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-01-22). "Gardaí le leanúint dá bhfiosrúchán ainneoin bhás Ian Bailey" (as ga-IE).
- ↑ Sasanach ó dhúchas é Ian Baile, a rugadh sa bhliain 1957. Tá sé ina chónaí ar an Tuar Mór in iarthar Chorcaí.
- ↑ RTÉ, 2015
- ↑ Nuacht RTÉ (28 Sam 2014). "Jules Thomas ar ais san Ard-Chúirt ag tabhairt fianaise". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ RTÉ 12 Bealtaine 2015
- ↑ Irish Times timeline
- ↑ "Journalist given three-month suspended sentence" (as en) (2001-09-17). RTE.ie. “An English journalist, who battered his partner with a crutch during an unprovoked attack, has been given a three-month suspended jail sentence. Forty-four-year-old Ian Bailey, with an address in Schull, West Cork, beat Catherine Jules Thomas”
- ↑ Nuacht RTÉ (2019-05-31). "Ian Bailey ciontaithe i ndúnmharú Sophie Toscan du Plantier" (as ga).
- ↑ "Irish court rejects French extradition request for suspect in 1996 murder case" (en). France 24 (2020-10-13). Dáta rochtana: 2024-01-22.