Foréigean teaghlaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
póstaer sna Stáit Aontaithe, 2011

Is éard atá i gceist le foréigean teaghlaighforéigean baile, nó drochíde sa teaghlach, ná foréigean in aghaidh na mban de ghnáth, ach ar leibhéal ginearálta, drochíde fhisiciúil, ghnéasach, airgeadais, mhothúchánachshíceolaíoch duine amháin i gcoinne duine eile ar duine muinteartha é/í nó atá nó a bhí mar dhlúthpháirtnéir, gan aird ar inscne nó ar ghnéasacht..[1][2]

timthriall foréigin ː tarlaíonn an drochíde arís is arís eile

Drochíde[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sáraíonn drochíde sa teaghlach aicme, inscne, cineál agus creideamh reiligiúnach. Is riachtanach a thuiscint go bhféadfaidh drochíde titim amach i réimse fairsing cúinsí ina mbíonn réimse fairsing íospartach i gceist.[1]

Cé gurb ionann mná i gcaidreamh heitreaghnéasach agus tromlach na n-íospartach a thugtar le fios, d’fhéadfadh fir a bheith ina n-íospartaigh den drochíde ó am go ham chomh maith. Tagann an fhéidearthacht chun solais, chomh maith, go mbíonn duine scothaosta nó duine atá faoi mhíchumas faoi chúinsí ina bhfuil an drochídeoir mar chéile nó gaol eile nó cúramóir.

Ina theannta sin, is dóchúla go mbíonn leanaí thíos le hiarmhairtí na drochíde nuair a chónaíonn siad in áit ina dtiteann an drochíde amach.

Féadtar an drochíde a thabhairt ar líne, trí chiapadh ar na meáin shóisialta agus ar láithreáin ghréasáin eile. Áirítear caint mhíchuí faoi dhuine - os comhair an duine sin nó sna meáin shóisialta - sa chineál seo foréigin.[3]

Ní hé nach dtugtar drochíde sa teaghlach ach i gcaidreamh heitrighnéasach amháin, ach féadfaidh sé titim amach, chomh maith, i gcaidreamh LADT.[1]

In Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní thugtar sainmhíniú ar dhrochíde sa teaghlach i Reachtaíocht na hÉireann acht tá foréigean teaghlaigh ag éirí an-choitianta.

Tugadh straitéis nua isteach chun dul i ngleic le foréigean teaghlaigh sa bhliain 2022. Ceithre bhunchloch atá luaite leis an straitéis seo, mar atá, cosaint, cosc, cúisiú agus comhordú polasaithe.[3] Méadaíodh líon na n-áiteanna in ionaid tearmainn ó 141 go breis agus 280. Ardaíodh an t-uastéarma príosúin ó chúig bliana go deich mbliana nuair a mbíonn Ionsaí is Cúis le Díobháil i gceist.[4]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 "Cad é Drochíde sa Teaghlach" (ga). Garda. Dáta rochtana: 2022-06-30.
  2. cogg.ie. "Ar scáth a chéile". Dáta rochtana: 2022.
  3. 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2022-06-28). "Straitéis úr foréigin teaghlaigh: cosaint, cosc, cúisiú, comhordú" (as ga). 
  4. "Cad é ionsaí?" (ga). Garda. Dáta rochtana: 2022-06-30.
  5. garda.ie (2017). "Domestic Abuse Intervention Policy 2017". Dáta rochtana: 2022.