Foréigean in aghaidh na mban in Éirinn
Is éard atá i gceist le foréigean in aghaidh na mban in Éirinn ná foréigean mothúchánach, corpartha, gnéasach agus eacnamaíochta a imríonn ar mhná agus ar leanaí. Le fíorghairid in Éirinn, d'fhaisnéisigh mná éagsúla gur ionsaigh a gcéilí nó a n-iarchéilí iad le hairm, go ndearnadh ionsaithe gnéasacha orthu, gur foilsíodh pictiúir díobh ar líne gan chead, go rabhthas ag faire orthu go seasta, gur bagraíodh orthu nó ar a leanaí, go raibh smacht ag a gcéilí nó a n-iarchéilí ar a gcuid airgid agus mar sin siar.[2]
Tuirse, uaigneas, ísle brí, éadóchas, bochtaineacht agus leanaí a chailleadh sa bhroinn, sin mar a théann an foréigean baile i gcion ar mhná.
Tuairisciú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dúirt an carthanas Cúnamh do Mhná (Women’s Aid[3]) in 2024 gur faisnéisíodh níos mó cásanna d'fhoréigean baile anuraidh in Éirinn ná riamh. I dtuarascáil bhliantúil na heagraíochta 2024, tugtar le fios gur faisnéisíodh 40,048 cás d'fhoréigean baile in 2023, agus gur méadú 18% é sin ó 2022. Bhí méadú 87% ar an líon cásanna d'fhoréigean eacnamaíochta agus méadú 74% ar an líon cásanna d'fhoréigean corpartha in 2023 le hais 2022. Creideann Cúnamh do Mhná nach bhfuil sna figiúirí seo ach an chuid is lú den scéal.[4][2]
Dúir an áisíneacht Safe Ireland sa bhliain 2020 gur iarr beagnach 3,500 bean cúnamh idir Márta agus Lúnasa 2020 mar gheall ar fhoréigean sa teaghlach. D'iarr beagnach 600 páiste tacaíocht agus cúnamh san achar céanna chomh maith. (Bhí an tuarascáil bunaithe ar eolas a fuair an áisíneacht ó 39 eagraíocht ar fud na tíre a chuireann cúnamh ar fáil do dhaoine atá ag fulaingt mar gheall ar fhoréigean sa teaghlach).[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Máiría Cahill memoir details fear of IRA interrogations and anger with Gerry Adams" (en). The Irish News (2023-09-25). Dáta rochtana: 2024-06-18.
- ↑ 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2024-06-18). "'Foréigean baile méadaithe 18% in imeacht bliana'" (as ga-IE).
- ↑ "Women's Aid" (as en) (2024-06-04). Wikipedia.
- ↑ Andrew Walsh (2024-06-18). "Record number of domestic abuse cases against women and children reported last year" (en). www.limerickleader.ie. Dáta rochtana: 2024-06-18.
- ↑ Nuacht RTÉ (2020-11-10). "Imní faoi fhoréigean sa teaghlach, breis acmhainní á lorg" (as ga-IE).
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |