Iain MacGriogair Caimbeul
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1836 Earra-Ghàidheal, Scotland |
Bás | 22 Samhain 1891 54/55 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Preispitéireachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Ghlaschú |
Gníomhaíocht | |
Gairm | aistritheoir, scríbhneoir litríocht pháistí, bailitheoir síscéalta |
Béaloideasóir agus ministir as an Apainn a bhí ina chónaí in Tiriodh ab ea Iain MacGriogair Caimbeul nó Iain Gregarach Caimbeul o Apuinn Mic Iain Stiubhart (Béarla: John Gregorson Campbell). Bhí sé ina mhac léinn in Ollscoil Ghlaschú, áit a raibh sé ina rúnaí ar an gCumann Oisíneach.[1]
Is fearr aithne air as an dá leabhar, Superstitions of the Highlands and Islands of Scotland (1900) agus Witchcraft and Second Sight in the Highlands and Islands (1902). Bhunaigh sé na leabhair seo ar an mbéaloideas a bhailigh sé sna 1850idí agus 1860idí agus a foilsíodh i ndiaidh a bháis. Chuir Ruaraidh MacThòmais eagrán nua le chéile a foilsíodh in 2008.[2]
Bhí sé tinn ar feadh deich mbliana ag deireadh a shaoil, agus d’fhan sé lena dheirfiúr i Haoidhinis. Fuair sé bás in 1891.[3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “19th & 20th Century: The Ossianic Society”. Dáta rochtana: 2024-10-22.
- ↑ “THE GAELIC OTHERWORLD”. Dáta rochtana: 2024-10-22.
- ↑ “Hardback book `Clan Traditions and Popular Tales (Waifs & Strays of Celtic Tradition V. Argyllshire Series)` collected by Rev John Gregorson Campbell, 1895.”. Dáta rochtana: 2024-10-22.