Iónach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Colún Iónach san Erechteum san Acrapail san Aithin

Ceann de 5 phríomhord na hailtireachta clasaicí. Tháinig sé chun cinn san Ióin, an réigiún lárnach d'iarthar na hÁise Bige, mar ar rugadh eolaíocht is fealsúnacht na Gréige, sa 6ú céad RC. Níos éadroime grástúla ná an t-ord Dorach, le stoic chaola is cuislí orthu, agus scrollaí bíseacha (cuairscí) ar na mullaigh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Iónach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 375.