Humphrey Lloyd

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaHumphrey Lloyd

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith16 Aibreán 1800
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Bás17 Eanáir 1881
80 bliana d'aois
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
President of the British Science Association (en) Aistrigh
1835 – 1836 – Henry Petty-Fitzmaurice, Tríú Marcas Lansdowne → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfisiceoir, innealtóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Gradam a fuarthas

Fisicí turgnamhach a rugadh i mBaile Átha Cliath ab ea Humphrey Lloyd (16 Aibreán 180017 Eanáir 1881). Rinne sé taighde ar optaic, agus d'fhionn saghas nua athraonta a tharlaíonn le criostal dé-aiseach (1832). Réamhinis William Rowan Hamilton an feiniméan seo ar bhonn teoiriciúil. I gcriostal mar seo, bíonn dhá ais nach dtarlaíonn dé-athraonadh sna treonna sin. Fuair sé go dtarlaíonn an dá shaghas athraonta chónaigh ar leith, ceann amháin ar gha solais ag teacht amach i bhfroim chóin fholaimh ag uillinn ionsaitheach as an gcriostal, an ceann eile ar gha ag dul isteach ag uillinn ionsaitheach don chriostal i bhfoirm chóin fholaimh taobh istigh de. Le Edward Sabine, shaothraigh sé ionstraim nua chun claonas agus déine an réimse mhaighnéadaigh dhomhanda a thomhas ag an am céanna. Bhunaigh sé réadlann mhaighnéadach i gColáiste na Tríonóide i 1838. Toghadh ina phropast ar an gcoláiste é i 1867.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Humphrey Lloyd". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 415.