Edward Sabine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEdward Sabine

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith14 Deireadh Fómhair 1788
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Bás26 Meitheamh 1883
94 bliana d'aois
East Sheen, England Cuir in eagar ar Wikidata
30 Uachtarán an Chumainn Ríoga
1861 – 1871
← Sir Benjamin Collins Brodie, 1st Baronet (en) AistrighGeorge Biddell Airy (en) Aistrigh → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAcadamh Ríoga Míleata, Woolwich Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreFisic agus matamaitic
Gairmréalteolaí, luibheolaí, matamaiticeoir, éaneolaí, fisiceoir, taiscéalaí, innealtóir, míoleolaí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm na Breataine
Céim mhíleataoifigeach coitianta Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtCogadh 1812
Saothar
Giorrúchán luibheolaíochtaE.Sabine
Teaghlach
AthairJoseph Sabine  agus Sarah Hunt
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 114995785 Cuir in eagar ar Wikidata

Réalteolaí, fisicí is taiscéalaí a rugadh i mBaile Átha Cliath ab ea Edward Sabine (14 Deireadh Fómhair 178826 Meitheamh 1883). I 1818 ghlac sé páirt mar réalteolaí is loingseoir in aistear John Ross don Aigéan Artach. Chuaigh sé le William Edward Parry ar a aistear i 1819 chun an Pasáiste Siar ó Thuaidh a aimsiú, ach theip orthu, bíodh is gur éirigh leo dul níos faide siar ná éinne eile. Rinne sé taighde ar réimse maighnéadach an Domhain, agus mhol gur cheart réadlanna maighnéadacha a bhunú ar fud an Domhain chun tuiscint ar an réimse is a athruithe a fheabhsú. Rinne sé staidéar ar fhad an luascadáin shimplí a mbeadh an tréimhse cothrom le 2 s, tomhas ar luasghéarú de bharr domhantarraingthe (agus neart na domhantarraingthe ag pointe ar bith ar Domhan is neamhsféarúlacht an Domhain ansin). Rinne sé breathnuithe ar theocht na n-aigéan, athrú brú an atmaisféir le hairde os cionn dromchla an Domhain, iompar carraigeacha ag oighearshruthanna, bolcáin, airíonna meitéareolaíochta, is a lán eile.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Edward Sabine". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 571.