Hidreolaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Eolaíocht a bhaineann le tarlú is dáileadh an uisce ar, agus gar do, dhromchla an Domhain, sna haigéin is an t-atmaisféar, idirghníomhú an uisce leis an gcomhshaol, agus uisce úr (fionnuisce) mar acmhainn. Bíonn an timthriall hidreolaíoch idir camáin ag hidreolaithe. Galaíonn uisce ó na haigéin. Gluaiseann aer tais ón aigéan isteach thar na hilchríocha, comhdhlúthaíonn agus titeann go talamh. Ansin de réir a chéile, gluaiseann sé ar ais go dtí an t-aigéan trí thaomadh is rith na n-aibhneacha, galú ó locha is uisce oscailte, agus trasghalú ó fhásra. Tagann ábhair cosúil le scéimeanna uiscithe, dearadh is tógáil dambaí, draenáil, rialúchán tuilte, cumhacht leictreach hidrileictreach, soláthar uisce inólta, córais séarachais, agus bainistiú na n-acmhainní uisce isteach sa hidreolaíocht.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Hidreolaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 345.