Hidríd

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Aon chomhdhúil hidrigine. Rangaítear i 3 rang iad: hidrídí comhfhiúsacha, comhdhúile móilíneacha le neamh-mhiotail (cosúil le clóiríd hidrigine, HCl, uisce, H2O, is amóinia, NH3); hidrídí miotalacha, le hairíonna cóimhiotal, a dhéantar leis an gcuid is mó de na miotail trasdula; agus hidrídí salanda, comhdhúile ianacha, déanta leis na dúile alcaile is cré-alcaileacha, ina bhfuil an hidrigin i láthair mar an ian hidríde H- (mar shampla, hidríd sóidiam, NaH).