Henry Clemens van de Velde
Cuma
Ailtire a rugadh in Antuairp na Beilge ab ea Henry Clemens van de Velde (3 Aibreán 1863 - 25 Deireadh Fómhair 1957). Bhunaigh sé Scoil na nEalaíon is na gCeirdeanna i Weimar na Gearmáine i 1906, agus is uaithi sin a d'fhorbair Bauhaus Walter Gropius i 1919.
A luathshaol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Henry ar an séú duine clainne i dteaghlach poitigéirí. Bhí an t-athair, Guillaume Charles van de Velde, arbh as an mBruiséil dó, go maith as, agus chomh maith leis an bpoitigéireacht d'eagraíodh sé féilte do chumadóirí ceoil idirnáisiúnta clúiteacha.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Henry Clemens van de Velde". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 697.
| Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |