Bauhaus

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bauhaus

Scoil údarásach ealaíon is ceirdeanna a bhunaigh Walter Gropius i Weimar na Gearmáine i 1919. Bhí sé mar aidhm aige go gcomhoibreodh na healaíontóirí is na hailtirí chun aontacht nua a chruthú sna healaíona. Ar dtús, stíl líofa mhothúchánach a chleachtaigh an scoil, ach gan mhoill tháinig siad ar fheidhmiúlacht is saontacht dhocht. I measc na mac léinn is na múinteoirí bhí Feininger, van Doesburg, Moholy-Nagy, Kandinsky, Klee is Mies van der Rohe. Bhíodh an scoil suaite an t-am ar fad le freasúra an phobail áitiúil is na bpolaiteoirí, agus easaontais idir na baill féin. Bhog sí go Dessau i 1925. Dhún Hitler an scoil i 1933, agus chuaigh cuid mhaith de na baill go dtí na Stáit Aontaithe. I 1987 ceapadh stiúrthóir nua agus tionscnaíodh Fondúireacht Bauhaus Dessau mar a bhfuil bailiúchán, stiúideo, acadamh is saotharlann.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Bauhaus". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 66.