Heinrich Lenz
Cuma
Fisiceoir Gearmánach ab ea Heinrich Lenz (1804-1865). I 1833 fuair sé amach go ritheann sruth leictreach sa treo ceart chun cur i gcoinne foinse an ionduchtaithe. Tugtar dlí Lenz air seo. Coisceann an dlí seo ar mheaisín leictreach gluaiseacht gan stad. Is é bunús an fhéinchóirithe i mótair leictreacha. Murach sin, d'fhéadfaí meaisíní síorghluaiseachta a thógáil.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Heinrich Lenz". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 407.
| Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |