Heartstopper

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de sèrie de televisióHeartstopper
Séanrateen drama (en) Aistrigh agus LGBTI+ related TV series (en) Aistrigh
Socrú ceamarasocrú ilcheamaraí
CruthaitheoirAlice Oseman (en) Aistrigh
StiúrthóirEuros Lyn (en) Aistrigh
Aisteoirí
Cuideachta léiriúcháinSee-Saw Films
Tíran Ríocht Aontaithe
BunteangaBéarla
Bealach teilifíseNetflix
An chéad eipeasóid22 Aibreán 2022
Líon séasúr2
Líon eipeasóidí16
Gradaim
Tuilleadh eolais
Suíomh oifigiúilnetflix.com… Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: tt10638036 Allocine: 28225 Rottentomatoes: tv/heartstopper Metacritic: tv/heartstopper
Instagram: heartstoppertv Cuir in eagar ar Wikidata

Is sraith teilifíse coiméide rómánsúil-dráma Briotanach é Heartstopper. Tá sé á craoladh ar Netflix. Cruthaíodh agus scríobhadh é ag Alice Oseman agus tá sé bunaithe ar a greannán Gréasáin agus úrscéal grafach leis an ainm céanna. Insíonn an tsraith an scéal faoi bhuachaill darbh ainm Charlie Spring (Joe Locke), dalta meánscoile aerach a thiteann i ngrá lena chomhscoláire Nick Nelson (Kit Connor), a shuíonn sé in aice leis ina rang foirme nua. Pléann an tsraith freisin saolta a gcairde Tao Xu (William Gao), Elle Argent (Yasmin Finney), Isaac Henderson (Tobie Donovan), Tara Jones (Corinna Brown) agus Darcy Olsson (Kizzy Edgell).

Craoladh an chéad séasúr ar an 22ú Aibreán 2022[1] agus an dara séasúr ar an 3ú Lúnasa 2023.[2] Fuair an tsraith moladh mór faoin léargas a dhéanann sé faoi daoine LADTA+. Fuair an chéad séasúr cúig ainmniúchán agus cúig bhua ag na gradaim Children's and Family Emmy Awards. Bhí an-tóir aici. Bhí an tsraith sna deich sraith is mó féachta as Béarla laistigh de dhá lá tar éis an chraolta. Tá an tríú séasúr á fhorbairt faoi láthair.[3]

Cliar ⁊ Carachtair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhcharachtair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Kit Connor mar Nick Nelson, imreoir rugbaí i mbliain 11 ag Scoil Ghramadaí Truham a shuíonn in aice le Charlie ina rang foirme.
  • Joe Locke mar Charlie Spring, dalta i mbliain 10 ag Scoil Ghramadaí Truham. Scaipeadh an scéal le gairid go bhfuil sé aerach.
  • William Gao mar Tao Xu, dlúthchara cosantach Charlie.
  • Yasmin Finney mar Elle Argent, cara le Charlie, Tao agus Isaac a bhog go Scoil Chailíní Higgs tar éis teacht amach mar trasinscneach.
  • Corinna Brown mar Tara Jones, dalta ag Scoil Chailíní Higgs a éiríonn mór le hElle.
  • Kizzy Edgell mar Darcy Olsson, cailín Tara agus cara le hElle.
  • Tobie Donovan mar Isaac Henderson, duine ciúin agus éighnéasach sa ghrúpa cairde le Charlie, Tao agus Elle.
  • Jenny Walser mar Tori Spring, deirfiúr Charlie atá níos sine.
  • Sebastian Croft mar Ben Hope (séasúir 1-2)[4], an chéad bhuachaill a bhí ag Charlie.
  • Cormac Hyde-Corrin mar Harry Greene, buachaill ar an bhfoireann rugbaí agus bulaí homafóbach.
  • Rhea Norwood mar Imogen Heaney, cara le Nick a bhfuil i ngrá leis sa chéad séasúr.
  • Fisayo Akinade mar Nathan Ajayi, múinteoir ealaíne a thugann aire do Charlie.
  • Chetna Pandya mar Coach Singh, cóitseálaí rugbaí a thugann aire do Charlie.
  • Olivia Colman mar Sarah Nelson, máthair Nick agus David.
  • Jack Barton mar David Nelson (séasúr 2), deartháir Nick atá níos síne.
  • Leila Khan mar Sahar Zahid (séasúr 2), dalta nua ag Scoil Chailíní Higgs a dhéanann cairdeas le hElle, Tara agus Darcy.
  • Nima Taleghani mar Youssef Farouk (séasúr 2), múinteoir crosta a thosaíonn caidreamh le Nathan Ajayi.

Carachtair tánaisteacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Araloyin Oshunremi mar Otis Smith.
  • Evan Ovenell mar Christian McBride.
  • Ashwin Viswanath mar Sai Verma.
  • Georgina Rich mar Jane Spring, máthair Charlie agus Tori.
  • Joseph Balderrama mar Julio Spring, athair Charlie agus Tori.
  • Momo Yeung mar Yan Xu, máthair Tao
  • Alan Turkington mar Mr Lange, múinteoir staire agus múinteoir Charlie agus Nick sa rang foirme.
  • Stephen Fry mar guth Headmaster Barnes, príomhoide Scoil Ghramadaí Truham.
  • Bradley Riches mar James McEwan (séasúr 2; aoi i séasúr 1), dalta i Scoil Ghramadaí Truham a bhfuil i ngrá le hIsaac.
  • Bel Priestley mar Naomi Russell (séasúr 2), dalta trasinscneach ag an scoil ealaíne a dhéanann Elle iarratas uirthi.
  • Ash Self mar Felix (séasúr 2), dalta ag an scoil ealaíne a dhéanann cairdeas le hElle.
  • Thibault de Montalembert mar Stéphane Nelson (séasúr 2), athair Nick agus David, iarfhear céile Sarah.

Eipeasóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sraith Eipeasóidí Craolta
1 8 22 Aibreán 2022 (2022-04-22)
2 8 3 Lúnasa 2023 (2023-08-03)

Séasúr 1 (2022)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Uimhir sa tsraith Uimhir sa séasúr Teideal Stiúrtha ag Scríofa ag An chéad dáta craolta
1 1 "Meet" Euros Lyn Alice Oseman 22ú Aibreán 2022
Tá Charlie i gcaidreamh rúnda le Ben Hope. Ina ranga foirme nua, tá Charlie ina suí in aice le Nick Nelson, imreoir rugbaí agus titeann sé i ngrá leis. Déanann siad cairdeas, ach níl Charlie cinnte faoi ghnéasacht Nick. Tugann Nick cuireadh dó bheith ina bhall ar an bhfoireann rugbaí agus glacann sé leis. Tuigeann Charlie nach bhfuil sé sásta ina chaidreamh agus tar éis Ben a fheiceáil ag pógadh cailín, deir sé le Ben nach bhfuil sé ag iarraidh buaileadh leis a thuilleadh. Níos déanaí, buaileann Charlie le Ben arís go drogallach. Pógann Ben é le fórsa, ach tagann Nick chun é a chosaint uaidh. Le linn an ama seo, tá Elle bogtha chuig an scoil chailíní Higgs tar éis teacht amach mar chailín trasinscneach.
2 2 "Crush" Euros Lyn Alice Oseman 22ú Aibreán 2022
Labhraíonn Charlie le Nick faoin gcaidreamh a bhí aige le Ben; ní thaitníonn le leis. Ceapann Tao go bhfuil Nick heitrighnéasach agus insíonn sé do Charlie a mhothúcháin dó a chaith san aer, ach diúltaíonn sé. Insíonn Tao dó go bhfuil Nick i ngrá le cailín darbh ainm Tara Jones. Foghlaimíonn Elle go bhfuil Tara i gcaidreamh le Darcy Olssen. Agus Nick ag teach Charlie, triaileann sé a lámh a chur i lámh Charlie agus é ina chodladh agus tosaíonn sé a ghnéasacht a cheistiú.
3 3 "Kiss" Euros Lyn Alice Oseman 22ú Aibreán 2022
Tugtar cuireadh do Nick chuig cóisir 16ú lá breithe Harry. Iarann Nick ar Charlie teacht freisin agus glacann sé leis. Tá Tao míshásta go bhfuil Nick mar chúis go bhfuil a chairdeas le Charlie ag éirí níos coimhthíche. Ag an gcóisir, triaileann Harry agus a ghrúpa Nick agus Tara a chur le chéile. Tagann Tara amach go Nick agus tugann sé íde béil go Harry i ndiaidh dó bheith ag magadh faoi Charlie. Deir Imogen, cara Nick, leis go dtaitníonn sé léi. Insíonn Charlie do Ben fan amach uaidh. Téann Nick agus Charlie go seomra scoite agus pógann siad. An maidin dár gcionn, tá iontas ar Charlie Nick a aimsiú ag doras a thí.
4 4 "Secret" Euros Lyn Alice Oseman 22ú Aibreán 2022
Gabhann Charlie leithscéal le Nick faoi chéard a tharla an lá roimhe. Tugann Nick póg dó, ag míniú go sé fós trína chéile faoi. Deir Charlie nach gcaithfidh sé aon rud a rá go fóill. Ar scoil, caitheann siad níos mó ama le chéile ag ithe lóin. Tar éis an chluiche rugbaí, tugann Nick cuairt ar Charlie in otharlann na scoile agus briseann Isaac isteach orthu. Cloiseann Tao agus Elle ag dul tharstu Nick ag glacadh dul ar choinne le hImogen.
5 5 "Friends" Euros Lyn Alice Oseman 22ú Aibreán 2022
Tá Nick ar tí an coinne le hImogen a chur ar ceal nuair a deir sí leis gur bhásaigh a mhadra agus mothaíonn sé brónach di. Tugann Charlie cuireadh do Nick chuig cóisir a 15ú breithlá, atá ar an lá céanna leis an gcoinne le hImogen. Beartaíonn sé dul chuig an gcóisir. Insíonn Tao do Charlie faoi choinne Nick agus Imogen. Cloiseann Nick a gcomhrá agus admhaíonn sé le Charlie go dtaitníonn seisean leis. An lá dár gcionn, míníonn sé le hImogen nach dtaitníonn sí leis go rómánsúil.
6 6 "Girls" Euros Lyn Alice Oseman 22ú Aibreán 2022
Ceapann Nick go bhfuil sé déghnéasach; insíonn Charlie dó a am a ghlacadh. Tagann Nick amach le Tara agus Darcy agus molann siad cionne dhúbáilte. Tar éis d'Elle a admháil go dtaitníonn Tao léi, déanann an grúpa cionne thriarach go rúnda, ag iarraidh iad a chur le chéile. Ag an gcoinne, tugann Elle a gcuspóirí faoi deara agus tugann siad aghaidh orthu futhú, ag rá nach bhfuil sí ag iarraidh aon athrú eile ina saol agus a caidreamh le Tao a chosaint, ach go bhfuil áthas uirthi do Charlie agus Nick. An lá sin, tá an ceolfhoireann Truham agus Higgs ag seinm. Fágann Tara go feargach i ndiaidh ráitis homafóibeacha a chloisteáil; Suaimhníonn Darcy í agus fileann siad ar an ardán.
7 7 "Bully" Euros Lyn Alice Oseman 22ú Aibreán 2022
Tugann Nick cuireadh do Charlie teacht chuig an bpictiúrlann lena chairde, ag geall nach bhfuil Harry agus Ben ag teacht. Áfach, tá siad ann agus déanann Harry bulaíocht ar Charlie faoina ghnéasacht. Tar éis do Charlie imeacht, insíonn Nick d'Harry an bulaíocht a stopadh. Glaoann Harry piteog ar Charlie agus tosaíonn siad ag troid. Sa charrchlós, insíonn Ben do Charlie gur chuma le Nick é. Mothaíonn Tao ciontach as cás Charlie a dhéanamh níos measa tar éis íde bhéil a thabhairt do Harry. Tosaíonn siad ag troid agus tugann Tao aghaidh ar Charlie faoina chaidreamh le Nick.
8 8 "Boyfriend" Euros Lyn Alice Oseman 22ú Aibreán 2022
Cuirtear Harry ar fionraí don troid agus tá caidreamh Charlie agus Tao fós teannasach. In ísle brí, fágann Charlie an foireann rugbaí agus tugann sé neamhaird ar Nick. Tá Tao agus Nick ag iarraidh go bhfuil Charlie sásta. Déanann Tao síochán le Charlie agus tugann Charlie aghaidh ar Ben as bheith maslach leis. Deir Nick le Charlie nach bhfuil sé ag iarraidh briseadh suas agus pógann siad. Ar choinne ar an trá, insíonn Nick a phlean do Charlie teacht amach lena gcairde, rud a chuireann áthas ar Charlie. Níos déanaí sa lá, tagann sé amach lena mháthair, agus glacann sé leis.

Séasúr 2 (2023)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Uimhir sa tsraith Uimhir sa séasúr Teideal Stiúrtha ag Scríofa ag An chéad dáta craolta
9 1 "Out" Euros Lyn Alice Oseman 3ú Lúnasa 2023
Agus caidreamh Nick agus Charlie ag teacht in aibíocht, tá dúshlán roimh Nick insint do dhaoine eile taobh amuigh dá gciorcal cairde. Ag cóisir thar oíche i dteach Charlie, d'éirigh leis teacht amach le hImogen agus admhaíonn sí go raibh a fhios aici cheana féin. Tá easpa muiníne ag Tao agus ag Elle faoi caidreamh a chruthú eatarthu. Fileann Charlie ar fhoireann rugbaí na scoile agus insíonn sé lena thuismitheoirí faoina bhuchaill; ach, cuireann a athair cosc ar Nick teacht chuig a theach chun aon chaidreamh gnéis a sheachaint. Geallann Charlie bheith ann do Nick agus é a insint do dhaoine eile faoina ghnéasacht.
10 2 "Family" Euros Lyn Alice Oseman 3ú Lúnasa 2023
Tá gráid na scrúduithe ag teacht isteach agus cuireann tuismitheoirí Charlie cosc air dul chuig teach Nick go dtí go bhfeabhsaíonn a chuid grád agus go bhfuil aiste críochnaithe aige. Tosaíonn Tao ag mothú coimhthíoch agus in éad le hElle nuair a thugann sí cuairt ar scoil ealaíne agus faigheann sí cairde nua. Admhaíonn sé do Charlie agus Isaac go dtaitníonn sí leis. Filleann David, deartháir Nick, ón ollscoil agus tá sé i gcoinne caidreamh Nick agus Charlie. Éiríonn Nick buartha faoi Imogen ag dul amach le Ben; insíonn sé di go gcaithfeadh sí fan amach ó Ben, ach nuair a cheistíonn sé céard a rinne Ben, ní féidir le Nick insint di.
11 3 "Promise" Euros Lyn Alice Oseman 3ú Lúnasa 2023
Críochnaíonn Charlie a aiste, spreagann sé Nick dá scrúdú deireanach de Theastas Ginearálta an Mheánoideachais agus éiríonn leis. Triaileann Nick teacht amach dá chairde ar an bhfoireann rugbaí ach cuireann Harry isteach air gach uair. Tugann Charlie an strus seo faoi deara agus molann sé do Nick dearmad a dhéanamh ar teacht amach ar dtús. Tar éis taighde a dhéanamh faoi cén chaoi dul i bhfeidhm ar duine a thaitníonn leis, iarann Tao ar Elle dul amach leis agus glacann sí leis. I ndiaidh coinne gan rath, tá éad ar Tao mar gheall ar chairde nua Elle ón scoil ealaíne, ansin cuireann sé an locht air féin as gach scéal a mhilleadh.
12 4 "Challenge" Euros Lyn Alice Oseman 3ú Lúnasa 2023
Téann na daltaí ar turas scoile go Páras. Tá Charlie, Nick, Tao agus Isaac ag fanacht sa seomra céanna agus Tara, Darcy, Elle agus Sahar Zahid i seomra eile le chéile san óstán. Beartaíonn Tao agus Elle fanacht mar cairde agus gabhann Tao leithscéal faoin racht a bhí aige. Scaoileann Charlie agus Tara faoina ndeacrachtaí lena bpáirtí. Briseann Imogen suas le Ben; tugann sí faoi deara go dtosaíonn sé neamhaird a thabhairt uirthi. Tugann Nick agus Charlie sólás di. Tugann Nick greim grá do Charlie agus iad ag pógadh.
13 5 "Heat" Euros Lyn Alice Oseman 3ú Lúnasa 2023
Tosaíonn tuairimíocht i measc na daltaí eile faoi cé a thug an greim grá do Charlie. Tugann Charlie maithiúnas do Tao tar éis do dhaoine é a chloisteáil ag rá go bhfuil Charlie aerach agus ceistíonn sé a éadóchas i dtaobh é féin agus Elle. Caitheann Tao agus Elle am le chéile agus pógann siad. Níos déanaí, titeann Charlie i laige agus admhaíonn sé do Nick go bhfuil neamhord itheacháin aige. Tugann Tara aghaidh ar Darcy nuair nach ndeir sí ar ais go bhfuil sí i ngrá léi.
14 6 "Truth/Dare" Euros Lyn Alice Oseman 3ú Lúnasa 2023
Cuireann Nick Charlie in aithne dá athair Francach. Deir a athair go bhfuil plean aige dul ar chúirt go Sasana. Mar leithscéal, eagraíonn Darcy cóisir sa seomra óstáin ar bhreithlá Tara. Pógann James McEwan, comhscoláire Isaac, é ach níl aon suim ag Isaac ann. Gabhann Harry leithscéal le Charlie faoin mbulaíocht sa caite ach diúltaíonn sé é. I gcluiche fírinne nó dúshlán?, tagann Nick amach agus deir sé go bhfuil sé ceart go leor go bhfuil a fhios ag gach duine faoina ghnéasacht. Tar éis na cóisire, insíonn Darcy do Tara go bhfuil sí i ngrá léi. Le linn an ama sin, éiríonn na múinteoirí Mr. Ajayi agus Mr. Farouk gar dá chéile agus pógann siad. Téann siad agus na daltaí abhaile an lá dár gcionn.
15 7 "Sorry" Euros Lyn Alice Oseman 3ú Lúnasa 2023
Glactar le hElle sa scoil ealaíne; deir Tao gur chuir sé a éad taobh thiar de agus deir Elle go bhfuil sí fós idir dhá chomhairle faoin scoil. Faigheann Isaac amach go bhfuil sé éighnéasach. Sula bhfágann sé Truham, iarann Ben ar Charlie leithscéal a ghabháil leis faoina rudaí a rinne sé dó, ach diúltaíonn Charlie, ag lua nach bhfuil sé ag cuardach ach féindeimhniú. I rith dinnéir i dteach Nick le clann Nick agus clann Charlie, tugann Nick aghaidh ar David faoin mbulaíocht a dhéanann sé dó agus ar a athair as bheith as láthair ina shaol. Insíonn Nick dá athair gur Charlie a bhuachaill. Gabhann a athair leithscéal leis agus deir sé go dtaitníonn Charlie leis, sula bhfágann sé ar ais go Páras. Tá argóint ag Darcy lena máthair homafóbach agus fágann sí an teach.
16 8 "Perfect" Euros Lyn Alice Oseman 3ú Lúnasa 2023
Tagann Nick amach go poiblí ar Instagram. Insíonn Elle do Tao go bhfuil sí ag dul go dtí an scoil ealaíne, ansin glacann sí bheith le chéile. Ag prom na scoile, tá gach duine ann seachas Darcy, a thagann níos dearanaí agus insíonn sí do Tara faoin scéal ina teach. Fágann an grúpa an prom chun ceiliúradh i dteach Nick. Nuair nach bhfágann ach Nick agus Charlie, fiafraíonn Nick Charlie faoin mbulaíocht a d'fhulaing sé; insíonn Charlie faoi agus faoin gcaoi a rinne sé dochair dó féin dá bharr. Deir Nick le Charlie labhair go hoscailte leis má tharlaíonn aon rud. Glacann Charlie leis go drogallach sula dtéann sé abhaile.

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Netflix's Heartstopper release date announced" (en-GB). Digital Spy (2022-03-16). Dáta rochtana: 2023-08-16.
  2. Max Goldbart (2023-04-24). "Netflix Unveils ‘Heartstopper’ Season Two Premiere Date & Teaser" (en-US). Deadline. Dáta rochtana: 2023-08-16.
  3. Manjeet Mahato (2023-08-03). "Heartstopper Season 3 Possible Release Date and Renewal Updates" (en-US). Daily Research Plot. Dáta rochtana: 2023-08-16.
  4. "Ben Won’t Be Back for ‘Heartstopper’ Season 3 — Here’s Why" (en). Netflix Tudum. Dáta rochtana: 2023-08-16.