Heartstopper (úrscéalta grafacha)
| Cineál | webcomic (en) |
|---|---|
| Cárta innéacs | |
| Údar | Alice Oseman |
| Teanga | Béarla |
| Foilseachán | 2016 |
| Tréith | |
| Seánra | ficsean óg agus LGBT-related literature (en) |
| Carachtair | |
| Eile | |
| Suíomh gréasáin | aliceoseman.com… |
Is sraith úrscéalta grafacha agus greannán é Heartstopper le Alice Oseman, a tháinig amach don chéad uair sa bhliain 2016.
Scéal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Leabhar 1
[cuir in eagar | athraigh foinse]Beirt bhuachaillí aeracha, Charlie agus Nick, atá i gcroílár an scéil. Tá siad ag freastal ar an scoil chéanna, ach níl aon aithne acu ar a chéile… go dtí lá amháin nuair a chuirtear ina suí in aice lena chéile iad agus cuireann siad aithne ar a chéile diaidh ar ndiaidh. Cé go bhfuil siad an-difriúil óna chéile, fásann cairdeas eatarthu agus ní fada go mbíonn splanc an ghrá san aer. Ach tá orthu iad féin a shaoradh ó shrianta sóisialta más mian leo an cairdeas eatarthu a fhorbairt le bheith ina leannáin. [1]
Cuirtear an caidreamh idir Charlie agus Nick in iúl mar rud nádúrtha agus speisialta, agus caitear leis na carachtair mar ghnáthdhaoine óga atá ag fás aníos agus ag dul i ngleic leis an saol ó lá go lá. Tá siad beirt ag dul i ngleic le gnáthdhúshláin na hóige, mar atá gach a bhfuil mórthimpeall orthu. Tá an scéal lán le heispéiris uilíocha – cúrsaí scoile, cairdeas, grá, féinmhuinín, imní agus spraoi.[1]
Leabhar 2
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa dara leabhar, éiríonn an scéal "níos doimhne agus níos pearsanta". Níl cinnteacht Charlie ag Nick. Pléann an leabhar le saincheisteanna cosúil le "meabhairshláinte, muinín i gcairde, agus an tábhacht a bhaineann le glacadh leat féin agus leis na daoine atá gar duit.[2]

Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig leagan Gaeilge den chéad leabhar sa tsraith amach sa bhliain 2024, aistrithe ag Eoin Mc Evoy agus foilsithe ag Futa Fata.[3] Fanann an leabhar dílis don bhunleagan.
Tháinig an leagan Gaeilge den dara leabhar sa tsraith amach sa bhliain 2025. Scéal bog é faoi bheirt bhuachaillí meánscoile atá ag titim i ngrá agus ag foghlaim fúthu féin, faoin ngrá agus faoin gcairdeas agus iad ag fás aníos le chéile.[4] Aistríodh "go paiseanta" é ag Mc Evoy.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Léitheoireacht bhreise
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Mc Evoy, Eoin (Meitheamh 2025). "Bronntanas Heartstopper". Comhar.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 Meadhbh Ní Eadhra (18 Meán Fómhair 2024). "Cuisle agus draíocht ‘Heartstopper’ tagtha slán sa leagan Gaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-23.
- 1 2 "Heartstopper Leabhar 2 – croíthe ag oscailt arís" (27 Meitheamh 2025). An Páipéar (35).
- ↑ "Heartstopper (Leabhar 1)" (ga). www.futafata.ie. Dáta rochtana: 2024-09-23.
- ↑ Bridget Bhreathnach (13 Meitheamh 2025). "Féile na Gealaí i Ráth Chairn, Féile na mBád in Árainn, Heartstopper 2, Bród na Gaeltachta is Tionól Gaeltachta i dTír Chonaill" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-06-14.