Heartstopper (úrscéal grafach)
![]() ![]() | |
Cineál | webcomic (en) ![]() ![]() |
---|---|
Cárta innéacs | |
Údar | Alice Oseman ![]() |
Teanga | Béarla ![]() |
Foilseachán | 2016 ![]() |
Tréith | |
Seánra | ficsean óg agus LGBT-related literature (en) ![]() ![]() |
Carachtair | |
Eile | |
Suíomh gréasáin | aliceoseman.com… ![]() |
Is úrscéal grafach agus sraith greannáin é Heartstopper le Alice Oseman, a tháinig amach don chéad uair sa bhliain 2016.
Beirt bhuachaillí aeracha, Charlie agus Nick, atá i gcroílár an scéil. Tá siad ag freastal ar an scoil chéanna, ach níl aon aithne acu ar a chéile… go dtí lá amháin nuair a chuirtear ina suí in aice lena chéile iad agus cuireann siad aithne ar a chéile diaidh ar ndiaidh. Cé go bhfuil siad an-difriúil óna chéile, fásann cairdeas eatarthu agus ní fada go mbíonn splanc an ghrá san aer. Ach tá orthu iad féin a shaoradh ó shrianta sóisialta más mian leo an cairdeas eatarthu a fhorbairt le bheith ina leannáin. [1]
Cuirtear an caidreamh idir Charlie agus Nick in iúl mar rud nádúrtha agus speisialta, agus caitear leis na carachtair mar ghnáthdhaoine óga atá ag fás aníos agus ag dul i ngleic leis an saol ó lá go lá. Tá siad beirt ag dul i ngleic le gnáthdhúshláin na hóige, mar atá gach a bhfuil mórthimpeall orthu. Tá an scéal lán le heispéiris uilíocha – cúrsaí scoile, cairdeas, grá, féinmhuinín, imní agus spraoi.[1]

Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig leagan Gaeilge den chéad leabhar sa tsraith amach sa bhliain 2024, aistrithe ag Eoin Mc Evoy agus foilsithe ag Futa Fata.[2] Fanann an leabhar dílis don bhunleagan.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Meadhbh Ní Eadhra (18 Meán Fómhair 2024). "Cuisle agus draíocht ‘Heartstopper’ tagtha slán sa leagan Gaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-23.
- ↑ "Heartstopper (Leabhar 1)" (ga). www.futafata.ie. Dáta rochtana: 2024-09-23.
![]() | Is síol faoi leabhar nó litríocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |