Joe Locke

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJoe Locke

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Joseph William Locke
24 Meán Fómhair 2003
20 bliana d'aois
Dúglas, Oileán Mhanann Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síBallakermeen High School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmaisteoir, aisteoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre2020 –
TeangachaBéarla agus Gaeilge Mhanann
Saothar
Saothar suntasach
Gradam a fuarthas

IMDB: nm12509469 Allocine: 932084
Twitter: joelocke03 Instagram: joelocke03 TikTok: joelocke03 Cuir in eagar ar Wikidata

Is aisteoir é Joseph William Locke as Oileán Mhanann. Rugadh ar an 24ú Meán Fhómhair 2003 é. Tá cáil aige tar éis príomhpháirt a bheith aige mar Charlie Spring sa sraith Heartstopper ar Netflix.[1]

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ghlac sé páirt sna National Theatre Connections i 2020, chomh maith le léirithe san amharclann Gaiety agus le grúpa óg an ionad ealaíne Kensington.

I mí Aibreáin 2021, fógraíodh go raibh Locke mar an bpríomhpháirt de Charlie Spring sa sraith Heartstopper ar Netflix. Cóiriú is ea é ar úrscéal grafach den ainm céanna le hAlice Oseman.[2] Roghnaíodh é as 10,000 aisteoirí eile tar éis trialach aisteoireachta.[3] Rinne sé páirt dalta 14-15 bhliana d'aois i scoil ghramadaí bhuachaillí.

I mí na Samhna 2022, fógraíodh go raibh sé ag glacadh páirte sa sraith Agatha: Coven of Chaos le Marvel Studios ar Disney+.[4]

Saol pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Joseph William Locke ar 24 Meán Fómhair 2003. D’fhás sé aníos i nDúglas, Oileán Mhanann. D’fhreastail sé ar Ardscoil Ballakermeen. Rinne sé staidéar sa pholaitíocht, sa stair agus sa Bhéarla don A-Leibhéal.

Tháinig sé amach mar duine aerach ar Instagram nuair a bhí sé 12 bhliana d'aois. D'inis sé lena mháthair é freisin. Thuig sé nach raibh sé reidh teacht amach don domhan, de bharr scrios sé an phostáil agus níor tháinig sé amach arís go dtí go raibh 15 bhliana d'aois aige.[5]

Scannánliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teilifís[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bliain Teideal Páirt Nótaí
2022- Heartstopper Charlie Spring Príomhpháirt
2024 Agatha: Coven of Chaos LE FÓGAIRT

Amharclann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bliain Teideal Páirt Láthair
2022 The Trials Noah Donmar Warehouse

Gradaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bliain Gradam Catagóir Toradh
2022 Children's and Family Emmy Awards Outstanding Lead Performance Ainmniúchán
2022 National Television Awards Rising Star Ainmniúchán
2023 Queerty Awards Performance – TV Buaite
2023 WhatsOnStage Awards Best Professional Debut Performance Buaite

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. O'Connor, Rachael (2021-04-21). "Who is in the cast of Netflix’s Heartstopper?". Metro. Dáta rochtana: 2023-08-13.
  2. Stroude, Will (2021-04-22). "Heartstopper: Kit Connor and Joe Locke to star in Netflix adaption of gay graphic novel". Attitude. Dáta rochtana: 2023-08-13.
  3. "Joe Locke". 1883 Magazine. Dáta rochtana: 2023-08-13.
  4. Otterson, Joe (2022-11-01). "‘Heartstopper’ Star Joe Locke Joins ‘WandaVision’ Spinoff ‘Agatha: Coven of Chaos’ for Disney+ (EXCLUSIVE)". Variety. Dáta rochtana: 2023-08-13.
  5. Erik Piepenburg (2023-07-29). "They Put the Heart in ‘Heartstopper’" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2023-08-13.

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]