Hayreddin Barbarossa
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1478 Gera Municipal Unit, An Ghréig (en) |
Bás | 4 Iúil 1546 67/68 bliana d'aois Cathair Chonstaintín |
Áit adhlactha | Tomb of Hayreddin Barbarossa (en) |
Kapudan Pasha (en) | |
1535 (Féilire Ghréagóra) – 1546 (Féilire Ghréagóra) ← Kemankeş Ahmed Bey (en) – Sokollu Mehmed Pasha (en) → | |
Beylerbey of Algiers (en) | |
1518 – 1533 – Hasan Agha (en) → | |
Faisnéis phearsanta | |
Ainm cleite | Barbarossa |
Reiligiún | Ioslam |
Gníomhaíocht | |
Gairm | oifigeach míleata, príobháideoir, aimiréal, polaiteoir, foghlaí mara |
Tréimhse oibre | 1500 (Féilire Ghréagóra) – |
Teangacha | An Tuircis Otamánach, an Araibis, Gréigis na Meánaoise, an Spáinnis agus an Iodáilis |
Gairm mhíleata | |
Brainse míleata | Cabhlach na hImpireachta Otamánaí |
Céim mhíleata | aimiréal |
Coinbhleacht | Battle of Preveza (en) |
Eile | |
Teideal uasal | Paiseá |
Páiste | Hasan Pasha (en) |
Athair | Yakup Ağa (en) |
Siblín | Oruç Reis (en) |
Foghlaí mara Turcach agus ina aimiréal níos déanaí ar an gCabhlach Otamánach ab ea Hayreddin Barbarossa (Araibis:, خير الدين بربروس : Khayr al-Dīn Barbarūs, ainm bunaidh: Khiṭr; Tuircis: Barbaros Hayrettin Paşa), ar a dtugtar Hayreddin Pasha, Hızır Hayrettin Pasha, agus go simplí Hızır Reis (c. 1466/1483–4 Iúil 1546),[1] – 4 July 1546). [2] [3] [4] [5] Chinntigh bua cabhlaigh Barbarossa ceannas na nOtamánach ar an Meánmhuir i lár an 16ú haois.
Ar Lesbos a rugadh Khizr é, agus thosaigh sé ar a ghairm bheatha chabhlaigh mar fhoghlaí mara faoina dheartháir níos sine Oruç Reis . Sa bhliain 1516, ghabh na deartháireacha Cathair na hAilgéire ón Spáinn, agus d'fhógair Oruç gurb é féin ina Shabhdán. I ndiaidh bhás Oruç sa bhliain 1518, fuair Khizr leasainm a dhearthár, "Barbarossa" ("barba rossa"san Iodáilis nó (Gaeilge: "féasóg dhearg") ) le hoidhreacht. Fuair sé an t-ainm oinigh Hayreddin freisin (ón Araibis Khayr ad-Din, "maitheas an chreidimh" nó "is fearr den chreidimh"). Sa bhliain 1529, ghlac Barbarossa Peñón na hAilgéire ó na Spáinnigh.
Sa bhliain 1533, cheap Suleiman Ollásach Barbarossa ina Kapudan Pasha (Gaeilge: Ard-Aimiréal) den Chabhlach Otamánach. Bhí sé i gceannas ar ambasáid go dtí an Fhrainc an bhliain chéanna, chuir sé an Túinéis faoi smacht sa bhliain 1534, fuair sé bua cinntitheach ar an Léig Naofa ag Preveza sa bhliain 1538, agus bhí sé i mbun feachtais leis na Francaigh sna 1540idí. Chuaigh Barbarossa ar scor go Cathair Chonstaintín sa bhliain 1545 agus fuair sé bás an bhliain dár gcionn.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Austro-Turcica 1541-1552" (as de) (1995). R. Oldenbourg. “Hayreddin Barbarossa (Barbarossa, Barbarrossa, Barbe Rubae) (1466/83 (?) – 1546).”
- ↑ “Barbarossa | Ottoman admiral” (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2020-11-18.
- ↑ Kiel (2018-12-01). "The Medrese and Imaret of Hayreddin Barbarossa on the Island of Lesbos/Midilli: A Little-known Aspect of the Cultural History of Sappho's Island Under the Ottomans (1462–1912)" (as en). Shedet 5 (5): 162–176. doi: . ISSN 2536-9954.
- ↑ Caprioli (2021-10-11). "The "Sheep" and the "Lion": Charles V, Barbarossa, and Habsburg Diplomatic Practice in the Muslim Mediterranean (1534-1542)". Journal of Early Modern History 25 (5): 392–421. doi: . ISSN 1385-3783.
- ↑ Isom-Verhaaren (2007-08-01). ""Barbarossa and His Army Who Came to Succor All of Us": Ottoman and French Views of Their Joint Campaign of 1543-1544" (as en). French Historical Studies 30 (3): 395–425. doi: . ISSN 0016-1071.