Harri Holkeri

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaHarri Holkeri

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(fi) Harri Hermanni Holkeri
6 Eanáir 1937
Oripää, An Fhionlainn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás7 Lúnasa 2011
74 bliana d'aois
Heilsincí, An Fhionlainn Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha
Áit adhlacthaHietaniemi cemetery (en) Aistrigh (2011–) Cuir in eagar ar Wikidata
Special Representative of the Secretary-General for Kosovo (en) Aistrigh
25 Lúnasa 2003 – 11 Meitheamh 2004
← Michael Steiner (en) AistrighSøren Jessen-Petersen →
Uachtarán Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe
5 Meán Fómhair 2000 – 11 Meán Fómhair 2001
← Theo-Ben GurirabHan Seung-soo →
Príomh-Aire na Fionlainne
30 Aibreán 1987 – 26 Aibreán 1991
← Kalevi SorsaEsko Aho →
Ball de chomh-aireacht: Harri Holkeri's cabinet (en) Aistrigh
Chairperson of the National Coalition Party (en) Aistrigh
1971 – 1979
← Juha RihtniemiIlkka Suominen →
Comhalta de Pharlaimint na Fionlainne
23 Márta 1970 – 19 Meán Fómhair 1978
Toghcheantar: Heilsincí
Ambasadóir
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Heilsincí (1958–1963) Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilMaster of Social Science (en) Aistrigh
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Heilsincí
An Chosaiv Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, taidhleoir, baincéir Cuir in eagar ar Wikidata
Fostóirna Náisiúin Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaKokoomus Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Fhionlainnis
Gairm mhíleata
Céim mhíleatamaor (1991–) Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm1795957 Cuir in eagar ar Wikidata

Polaiteoir coimeádach Fionlannach agus eadránaí síochána a bhí i Harri Hermanni Holkeri a rugadh in Oripää ar an 6 Eanáir 1937 agus a fuair bás ar an 7 Lúnasa 2011 i Heilsincí. Bhí sé ina Phríomh-Aire sna blianta 1987-1991 agus ina chathaoirleach ar Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe ("Comhthionól na Mílaoise") ón 5 Meán Fómhair 2000 go dtí an 11 Meán Fómhair 2001. Chaith sé blianta deireanacha a ghairmréime ag obair ina eadránaí síochána do na Náisiúin Aontaithe.

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí a athair, Antti Edward Holkeri, ina phóilín in Oripää in iardheisceart na Fionlainne, agus Maire Kyllikki née Ahlgren a bhí ar a mháthair. D'aistrigh an teaghlach go Toijala (cuid d'Akaa inniu, in aice le Hämeenlinna), áit ar chaith Holkeri blianta a chéad óige. Sa bhliain 1957 bhain sé amach a Ardteastas ón meánscoil áitiúil (Toijalan yhteiskoulu). Bhí sé ina ghasóg freisin. I ndiaidh an Ardteastais chuaigh sé sna saighdiúirí le bliain an choinscríofa a chaitheamh ansin, agus nuair a bhí an téarma curtha de aige, chuaigh sé ag staidéar eolaíocht pholaitiúil in Ollscoil Heilsincí. Bronnadh céim ollscoile air sa bhliain 1962.

Phós Holkeri Marja-Liisa Lepistö sa bhliain 1960, agus saolaíodh mac agus iníon dóibh, Jukka agus Katju, sna blianta 1962 agus 1964.