Hans Kelsen
Dlí-eolaí agus fealsamh dlí agus polaitíochta ab ea Hans Kelsen (11 Deireadh Fómhair 1881 – 19 Aibeán 1973).
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Céimí de chuid ár gcomhpháirtí Ollscoil Vín ab ea Kelsen. Rinne sé a thráchtas dochtúireachta ar an teoiric a bhí ag Dante maidir leis an stát. Ba luath a d'fhorbair sé an coinceap gurb ionann an dlí agus an stát, a bhí ag croílár a chuid fealsúnachta polaitíochta i gcónaí. Sa bhliain 1911 a fuair sé a shlánú agus sa bhliain 1919 rinneadh lán-ollamh de chuid Ollscoile Vín de.[1]
Dlí bunreachtúil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí páirt mhór aige agus Bunreacht na hOstaire, 1920 á dhréachtú agus thar aon rud eile chuir sé an coincheap chun cinn gur cheart bunreachtúlacht na ndlíthe a bheith athbhreithnithe ag cúirt bhunreachtúil ar leith, an tsamhail athbhreithnithe bunreachtúla atá i dtreis i mór-roinn na hEorpa faoi láthair. Bhí sé ina bhall de Chúirt Bhunreachtúil na hOstaire ó 1920 go 1930.
Ó ba rud é go raibh an timpeallacht polaitíochta ag éirí ní b'achrannaí agus gur measadh go raibh sé ar thaobh na Daonlathaithe Sóisialta, a bhí ag cur i gcoinne an rialtas fhorlámhaigh, d'aistrigh Kelsen chuig ollúnacht in Ollscoil Köln sa bhliain 1930.[1]
An cogadh agus imirce
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1934 a dhíbir na Naitsithe as an bpost sin é agus d'aistrigh sé go dtí an Ghinéiv, áit a raibh sé ag teagasc an dlí idirnáisiúnta san Institiúid Iarchéime, An Ghinéiv ó 1934 go 1940 (seachas tréimhse ó 1936 go 1938 nuair a bhí sé ag an Ollscoil Gearmánach i bPrág.)
Sa bhliain 1940 a chuaigh sé ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe, áit a raibh sé ina ollamh leis an eolaíocht polaitíochta in Ollscoil California, Berkeley ó 1945 go 1952. Cé gur éirigh sé as go hoifigiúil sa bhliain 1952, lean sé ar aghaidh ag déanamh taighde agus ag foilsiú go dtí go raibh sé beagán os cionn ochtó bliain d'aois.
Fealsúnacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Leag Kelsen a chuid smaointeoireachta maidir le fealsúnacht an dlí amach ina foirm thipiciúil i Reine Rechtslehren (Glanteoiric Dlí) sa bhliain 1934; foilsíodh an dara heagrán den leabhar, le hathruithe suntasacha, sa bhliain 1960.
I measc an méid a chuir sé le teoiric an dlí atá coinceap an Grundnorm (a léiríonn an coincheap a bhí aige de chineál ordlathach an dlí) chomh maith lena leagan féin den deighilt idir an dlí agus an mhoráltacht agus d'eolaíocht maidir leis an dlí atá saor ó luachanna polaitiúla nó morálta. I ndiaidh 1934 bhí ní ba mhó spéise aige sa dlí idirnáisiúnta agus san eolaíocht polaitíochta, go mór mór tar éis dó dul ar imirce go SAM.[1]
Tionchar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Taobh istigh den phosaitíbheachas dlíthiúil is é obair Kelsen an príomh-rogha eile fós in ionad an chuntais a thugann HLA Hart ar neamhspleáchas an dlí ó chúrsaí morálta nó polaitiúla.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 Scoil Dlí, COBÁC (2020). "Hans Kelsen". Dáta rochtana: 2021.