Hans Frank
Naitsíoch agus dlíodóir ba ea Hans Frank (23 Bealtaine 1900 – 16 Deireadh Fómhair 1946). Le linn 1939-1945, bhí Frank ina Ard-Ghobharnóir ar an gcuid sin den Pholainn a bhí i seilbh na Naitsithe. Bhí Frank freagrach as an Uileloscadh sa Pholainn.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tarraingíodh aird an phobail ar Hans Frank den chéad uair sna 1920idí mar dhlíodóir ag gníomhú don Pháirtí Naitsíoch, agus do Adolf Hitler go pearsanta.[1] Bhí Frank ann le linn Putsch an Halla Leanna sa bhliain 1923.
Tar éis do na Naitsithe teacht i gcumhacht sa bhliain 1933, bhí Frank ina cheannasaí ar Chumann na nDlí-eolaithe Sóisialacha Náisiúnta agus ina Uachtarán ar Acadamh Dlí na Gearmáine. Bhí sé ina Aire gan Cúram Roinne ó 1934 ar aghaidh.

Sa bhliain 1939, rinneadh Ard-Ghobharnóir de, ar an gcuid sin den Pholainn a bhí i seilbh na Naitsithe ach gan a bheith ionghafa ag an nGearmáin, An Rialtas Ginearálta. Bhí an post seo aige go dtí gur chaill an Ghearmáin an cogadh sa bhliain 1945.[1]
Triail agus bású
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mar gheall ar a páirt a bhí ag Frank i gcoireanna cogaidh agus i gcoireanna in aghaidh na daonnachta, ghearr an Binse Míleata Idirnáisiúnta pionós an bháis air. Crochadh Frank ar an 16 Deireadh Fómhair 1946.

Rinne Frank scéal mór den aithreachas a bhí air go raibh páirt aige sna coireanna sin agus den dearcadh creidimh nua a bhí á mhaíomh aige. Níl na staraithe ar aon intinn fós an raibh sé dáiríre faoi sin.[1]