Jump to content

Háítí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilHáítí
Ayiti (ht)
Ayiti (tnq) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnLa Dessalinienne Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Liberté, égalité, fraternité» Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 19° 00′ N, 72° 48′ O / 19°N,72.8°W / 19; -72.8

PríomhchathairPort-au-Prince Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán10,981,229 (2017) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús395.72 hab./km²
DéamainmHáítíoch Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga oifigiúilan Fhraincis
Criól Háítí Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deMeiriceá Laidineach
Muir Chairib Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla27,750 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdePic la Selle (2,674 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleMuir Chairib (0 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síDara hImpireacht Háítí Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1 Eanáir 1804
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháinRialtas Háítí Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachParlaimint Háítí Cuir in eagar ar Wikidata
• Príomh-Aire Háítí Cuir in eagar ar WikidataClaude Joseph (2021–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil20,877,414,952 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Airgeadragourde Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.ht Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+509 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála115, 116, 114 agus 122 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreHT Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinprimature.gouv.ht Cuir in eagar ar Wikidata

Tír is ea Poblacht Háítí atá suite ar oileán na hEaspáinneola sa Mhuir Chairib. Is í an Fhraincis an teanga oifigiúil, ach is fásteanga í caint na sráide nach bhfuil intuigthe ag lucht labhartha na Fraincise caighdeánaithe. Tháinig an t-ainm féin AyitiHáítí as teanga na dTaino, na mbundúchasach a chuaigh in éag mar ghrúpa eitneach ar leith nuair a rinneadh coilíneacht sclábhaíochta den oileán.

Ba iad na Taino muintir bhundúchasach na hEaspainneola, agus iad ag labhairt teanga den fhine teangacha atá ainmnithe as na hArawak. Ba é Criostóir Colambas an chéad Eorpach a chuaigh i dtír san Easpainneoil, ar an 5 Nollaig, 1492, in áit a bhfuil Môle Saint-Nicolas inniu, in Iar-Thuaisceart Háítí. D'fhógair sé seilbh Rí na Spáinne ar an oileán, agus d'fhág sé dornán Spáinneach ar an oileán. Ní raibh fad saoil i ndán don chéad choilíneacht seo, "La Navidad" ("An Nollaig"), mar a thug na Spáinnigh uirthi. Nuair a tháinig Colambas ar ais, bhí na Spáinnigh go léir marbh, ó d'éirigh ina chogadh idir iad agus na bundúchasaigh. D'aistrigh Colambas ar an taobh thoir den oileán, áit ar chuir sé an chéad síol leis an bPoblacht Dhoiminiceach - coilíneacht La Isabela.

Nuair a bhí an chéad áitreabh Spáinneach bunaithe san oileán, thosaigh na Spáinnigh ag dúshaothrú na mbundúchasach ina gcuid poll mianaigh, ag baint óir agus airgid ghil as an talamh. Iad siúd nach raibh sásta toiliú leis an sclábhaíocht, mharaigh na Spáinnigh iad ar an toirt, sin nó d'éalaigh siad le fanacht ar a seachnadh sna cúlriasca. Tháinig galair na hEorpa go dtí an Easpainneoil sna sálaí ag na Spáinnigh, agus shiúil éag mór ar na bundúchasaigh, ó nach raibh imdhíonacht acu ar na galair nua. Mar sin, ní raibh na Spáinnigh sásta leis na bundúchasaigh mar lucht oibre, agus chomh luath leis an mbliain 1517, thosaigh siad ag tabhairt isteach sclábhaithe ón Afraic. D'éalaigh cuid mhór Afracánach uathu, áfach, agus fuair siad dídean ag na bundúchasaigh dheireannacha. Mar sin, meascadh an dá chine seo trí chéile, agus is as an meascán sin a fáisceadh formhór mór mhuintir na hEaspainneola atá ann inniu.

Thosaigh na foghlaithe mara ag baint a ngaisneasa féin as an oileán, go háirithe na foghlaithe Francacha a dtugadh boucaniers orthu féin. Shocraigh cuid mhór boucaniers síos in iarthar an oileáin le dul le plandóireacht agus leis na tailte a mhíntíriú. Roimh an mbliain 1660, ní raibh siad sásta géilleadh do chumhacht na Spáinne, áfach, agus is iomaí trioblóid a tharraing siad dá réir.

Sa bhliain 1697, shínigh na Francaigh is na Spáinnigh conradh síochána i Ryswick (inniu, Rijswijk san Ísiltír), agus chuaigh críochdheighilt ar an Easpainneoil. Fuair na Francaigh an leath Iartharach, agus bhaist siad Saint-Domingue uirthi. Bhí siúcra agus tobac á saothrú sa choilíneacht seo, agus an eacnamaíocht bunaithe ar an sclábhaíocht: na mílte sclábhaithe Afracacha ag obair ar mhaithe le daonra beag Francach.

Nuair a thosaigh an réabhlóid san Fhrainc, d'éirigh na sclábhaithe i Saint-Domingue míshuaimhneach freisin, agus iad ag dul chun cearmansaíochta ar na Francaigh. Sa bhliain 1792, chuir rialtas na Fraince fórsa sluaíochta go Saint-Domingue leis an tsíocháin a chur ar bun ansin arís. Go gairid ina dhiaidh sin, d'ionsaigh na Sasanaigh an choilíneacht, nuair a d'éirigh ina chogadh idir Sasana agus an Fhrainc.

Ansin, tháinig Toussaint d'Ouverture chun tosaigh. Iar-sclábhaí a bhí ann a chuir arm dá chuid féin i dtoll le chéile, agus d'éirigh leis ruaigeadh a chur ar na Sasanaigh agus ar na Spáinnigh araon.