Gníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach
| Sonraí | |||||
|---|---|---|---|---|---|
| Giorrúchán | AEE agus EEA | ||||
| Cineál | gníomhaireacht dhíláraithe an Aontais Eorpaigh | ||||
| Réimse oibre | beartas comhshaoil | ||||
| Stair | |||||
| Dáta a bunaíodh | 1990 7 Bealtaine 1990 | ||||
| Rialachas corparáideach | |||||
| Ceanncheathrú |
| ||||
| Stiúrthóir/bainisteoir | Hans Bruyninckx | ||||
| Líon fostaithe | 200 (2019) | ||||
| Úinéir de | |||||
| Eile | |||||
| Uimhir teileafón | +45-33-36-71-00 | ||||
| Suíomh gréasáin | eea.europa.eu | ||||
Is í an Ghníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach (GCE) an comhlacht san Aontas Eorpach (AE) atá tiomnaithe d’fhaisnéis iontaofa, neamhspleách a chur ar fáil maidir leis an gcomhshaol.
Is í an príomhfhoinse faisnéise dóibh siúd a bhfuil baint acu le beartas comhshaoil a fhorbairt, a ghlacadh, a chur i bhfeidhm agus a mheas, chomh maith leis an bpobal i gcoitinne.
Cuimsíonn ballraíocht an GCE Ballstáit an AE, ach is féidir le tíortha nach Ballstát de chuid an Aontais Eorpaigh iad a bheith ina mbaill freisin.
Tá 32 tír ina mbaill anois: an 27 Ballstát de chuid an AE i dteannta leis an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua, an Eilvéis agus an Tuirc. Chuir an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chróit, Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, Montainéagró agus an tSeirbia iarratas isteach ar bhallraíocht i gcomhpháirt agus táthar i mbun comhoibrithe cheana féin leis an GCE le roinnt blianta anuas.
Ghlac a tAontas Eorpach leis an rialachán[1] chun an GCE a chur ar bun sa bhliain 1990. Tháinig sé i bhfeidhm go déanach sa bhliain 1993 díreach tar éis an chinnidh chun a ceanncheathrú a bheith lonnaithe i gCóbanhávan. Cuireadh tús le hobair i ndáiríre sa bhliain 1994.
Is é an tOllamh Jacqueline McGlade Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta faoi láthair.