Gluaisne thréimhsiúil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
leictreon

Aon ghluaisne ascalach a athdhéantar arís is arís eile a bhíonn sainithe ag tréimhse ama, T, an tréimhse i gcomhair timthrialla iomláin. Ní gá gur féidir an ghluaisne a shlonnadh i bhfeidhm shíneasach amháin.

Cuimsíonn sí gluaisne armónach shimplí, ach is féidir go mbeidh sí i bhfad níos casta. Is féidir an ghluaisne chasta seo a anailísiú ina sraith de ghluaisní armónacha simplí le raon minicíochtaí.

Samplaí de ghluaisní tréimhsiúla is ea luascadh luascadáin, meáchan ag preabadh ar lingeán, tonnghluaisne, timthriall na dtaoidí, timthriall an lae, agus a lán eile.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Gluaisne thréimhsiúil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 323.