Luascadán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa chás is simplí, meáchan beag ar crochadh le sreang nó slat éadrom ó phointe fosaithe, a chuirtear ag luascadh go saor faoin domhantarraingt. Más é l fad na sreinge, faightear tréimhse T an luasctha leis an gcothromóid seo: T = 2 π √ (l/g) mar arb é g an luasghéarú de bharr domhantarraingthe. Ní bhraitheann an tréimhse ar an meáchan ná ar leithead an luasctha (má choimeádtar beag é), agus is ar an ábhar seo a úsáidtear luascadáin i gcloig leis na céadta bliain.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Luascadán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 420.