Gluaisne armónach shimplí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é is gluaisne armónach shimplí ann ná gluaisne thréimhsiúil réada ina mbíonn an fórsa athchuir díreach i gcomhréir leis an díláithriú ón bpointe fosaithe i gcónaí, mar a tharlaíonn i luascadán faoi luascthaí beaga. Is féidir í a shlonnadh mar fheidhm shíneasach nó chomhshíneasach, agus mar sin bíonn sé éasca go leor í a láimhseáil go matamaiticiúil.