Glinsce, Contae na Gaillimhe (Béal Átha Mó)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilGlinsce, Contae na Gaillimhe

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°39′03″N 8°25′46″W / 53.6508°N 8.42951°W / 53.6508; -8.42951
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae an Chláir
BarúntachtLiatroim
Paróistí dlí in ÉirinnBaile na Cille Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie18933

Is sráidbhaile agus paróiste sibhialta é Glinsce[1], nó Gleann Uisce scaití, atá suite i gContae na Gaillimhe agus i mbarúntacht Bhéal Átha Mó. Tá sé thart ar 68 km ó chathair na Gaillimhe agus thart ar 30 km ó bhaile Ros Comáin.

I measc na seirbhísí atá le fáil ar an mbaile tá siopa, pub, scoil náisiúnta, páirc CLG agus eaglais. Tá Caisleán Ghlinsce in aice láimhe. Tógadh sin ar ordú an Bhairnéad Uileog de Búrca ag tosú thart ar 1628. Maítear gurb é sin an caisleán deireanach a tógadh in Éirinn, rud a bhraitheann ar an sainmhíniú atá ann ar 'caisleán', dar ndóigh.

Baile na Cille an t-ainm oifigiúil atá ar pharóiste Ghlinsce agus is sa mbaile fearainn sin atá an reilig áitiúil suite. Tá sé ina chuid de pharóiste Caitliceach Ghlinsce agus Chill Bheagnait. Mar a léiríos leagan "Gleann Uisce" an ainm, tá abhainn ag rith láimh leis an áit, mar atá, Abhainn na Suca.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Glinsce, leathanach idirdhealaithe le cúpla áit eile in Éirinn ar a dtugtar 'Glinsce'.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]