Béal Átha Mó, Barúntacht, Contae na Gaillimhe
Béal Átha Mó, Barúntacht, Contae na Gaillimhe | ||||
---|---|---|---|---|
Béal Átha Mó (ga) | ||||
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Chonnacht | |||
Contae in Éirinn | Contae na Gaillimhe | |||
Logainm.ie | 83 |
Is barúntacht suite i gContae na Gaillimhe é Béal Átha Mó.[1] Tá barúntacht eile, Béal Átha Mó, Contae Ros Comáin, ann freisin - cuid den bharúntacht seo ab ea í atá suite ar an taobh thuaidh thoir den tSuca, agus a cuireadh le Contae Ros Comáin am eicínt idir 1574 agus 1672.
Paróistí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuimsíonn na paróistí seo leathbharúntacht Bhéal Átha Mó i gContae na Gaillimhe[2]:
Baile na Cille, nó Glinsce mar is fearr aithne air,
Buíbheanach, nó Gleann na Madadh mar is fearr aithne air,
Cill Chruáin, paróiste a shíníos chomh fada le baile Bhéal Átha Mó,
Teampall an Tóchair, nó Baile Liam mar is fearr aithne air,
agus codanna de na paróistí eile seo:
Druim an Teampaill, mar a bhfuil baile Bhéal Átha Mó féin suite,
Cill Bheagnait, nó na Creaga mar is fearr aithne air,
Cill Fhir Iarainn, nó Bearna Dhearg mar is fearr aithne air,
agus Tuaim.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Béal Átha Mó/Ballymoe | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ townlands.ie