Giovanni Caboto
Giovanni Caboto | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Genova, c. 1450, c. 1455 |
Náisiúntacht | An Veinéis |
Bás | c. 1498 |
Muintir | |
Athair | Giulio Caboto |
Páistí | liosta iomláin
|
Oideachas | |
Teangacha | An Iodáilis |
Gairm | |
Gairm | gestor (en) ![]() |
Taiscealaí Iodálach ab ea Giovanni Caboto (c. 1450 – c. 1498). Ba thaiscealaí é a mhac Sebastian Cabot freisin.
Theastaigh ó Chaboto a bhealach féin go dtí na hIndiacha Thiar a aimsiú. Chuaigh sé go Briostó i Sasana. Fuair sé cabhair ó cheannaithe na cathrach agus cead ó rí Shasana, Annraoi VII. Sa bhliain 1497 d’fhág sé féin agus criú ocht nduine dhéag Briostó sa long Matthew. Chuaigh siad go h-Éirinn agus ansin lean siad ar aghaidh trasna na h-Atlantaigh. Nuair a tháinig siad i dtír sa Domhan Nua, cheap Caboto go raibh sé san Áise, cosúil le Criostóir Colambas. I ndáiríre, ceaptar go raibh sé i dTalamh an Éisc. Dúirt sé go raibh na farraigí lán de throsc agus go bhféadfadh duine ciseán a thumadh san uisce agus a tharraingt as arís lán d'éisc. Shroich an long Briostó arís ar an 6ú lá Lúnasa.
Agus é i Sasana arís, rinneadh aimiréal de Chaboto. Fuair sé bronntanas £10 ón rí, agus pinsean ina theannta sin. D'fhág sé Sasana arís i 1498, agus cúig long aige. Níor tháinig siad ar ais go Sasana go deo.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |