Giovanni Battista Castiglione

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGiovanni Battista Castiglione

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1516
Gassino Torinese Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1598
81/82 bliana d'aois
Speen, England Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmdaonnachtaí an Renaissance Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinnEilís I Shasana
Teaghlach
CéileMargaret Compagni Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteFrancis Castilion, Peter Castillon, Valentine Castillion, Douglas Castillion, Anne Castillion, Barbara Castillion, Elizabeth Castillon, Henry Castillion Cuir in eagar ar Wikidata
AthairPierre Castillon
Snoiteán graifítí de chuid Castiglione i dTúr Londan

Teagascóir Iodáilise an Banphrionsa (an Bhanríon níos déanaí) Eilís I ab ea Giovanni Battista Castiglione (1516–1598). Ceaptar gur mhúin sé an Prionsa (an Rí níos déanaí) Éadbhard VI freisin. Ba leasaitheoir daonnachach é, agus cuireadh deirfiúr Eilíse, Máire I, i bpríosún i dTúr Londan é sa bhliain 1556. Bhí amhras air faoi cheannairc a chorraí, agus céasadh é chomh trom sin gur fágadh bacach go buan é. Níos déanaí, d'iompair sé litreacha Eilíse nuair a cuireadh í féin i bpríosún sa Túr.

Rugadh Castiglione in Gassino na hIodáile, i ngar do Torino, i bPíodmant, mac leis an gCaptaen Piero Castiglione, Mantova; rinne sé seirbhís in Arm Séarlas V, Impire Naofa Rómhánach, ag Landrecies agus ag Boulogne. Ceapadh é chuig Cúirt Eilíse mar Mháistir na hIodáilise i mí na Samhna 1544, agus nuair a rinneadh banríon d'Eilís, ceapadh ina fheidhmeannach i Seomra na Banríona é, post a bhí aige go dtí go gairid roimh a bhás. Bhronn an bhanríon Mainéar Benham Valence, in Berkshire air. Phós sé Margaret Allen sa bhliain 1558 i Londain, baintreach Lazarus Allen agus iníon neamhdhlisteanach an Cheannaí Bartolomeo Compagni (1503–1561) as Flórans, agus bhí clann mhór acusan. Bhí mac amháin acu, an Ridire Francis Castilion (1561-1638), a bhí ina phinsinéir ag Séamas I agus ina Fheisire Parlaiminte do Great Bedwyn. Saighdiúir proifisiúnta ab ea mac eile, an Captaen Peter Castillion, a chuir faoi in Éirinn agus a phós Thomasine Peyton, iníon an Ridire Christopher Peyton, Ard-Iniúchóir na hÉireann.