Giacomo Puccini
Giacomo Puccini | |||
---|---|---|---|
![]() | |||
Meán Fómhair 18, 1924 - Samhain 29, 1924 | |||
Saol | |||
Ainm iomlán | Giacomo Antonio Domenico Michele Secondo Maria Puccini | ||
Eolas breithe | Lucca, 22 Nollaig 1858 | ||
Náisiúntacht | Ríocht na hIodáile Ard-Diúcacht na Tuscáine | ||
Áit chónaithe | Torre del Lago Puccini (en) ![]() | ||
Bás | An Bhruiséil, 29 Samhain 1924 | ||
Cúis bháis | bás nádúrtha (ionfharchtadh miócairdiach) | ||
Muintir | |||
Athair | Michele Puccini | ||
Céile/Céilí | Elvira Puccini (1860 - 1930) | ||
Teaghlach | liosta iomláin
| ||
Treibh | Puccini (en) ![]() | ||
Oideachas | |||
Alma mater | Milan Conservatory (en) ![]() | ||
Teangacha | An Iodáilis | ||
Múinteoirí | Amilcare Ponchielli Antonio Bazzini (en) ![]() | ||
Gairm | |||
Gairm | cumadóir opera, cumadóir, polaiteoir, ceoltóir, stiúrthóir ceolfhoirne agus orgánaí | ||
Saothar iomráiteach | La bohème Tosca Madama Butterfly Turandot Gianni Schicchi I Crisantemi (en) ![]() | ||
Ballraíocht | Royal Swedish Academy of Music (en) ![]() | ||
Gluaiseacht ealaíne | ceol clasaiceach ceoldráma | ||
Uirlis cheoil | orgán | ||
IMDb | nm0006242 | ||
Discogs ID | 369053 | ||
![]() |
Ba cumadóir Iodálach é Giacomo Antonio Domenico Michele Secondo Maria Puccini (22 Nollaig 1858 – 29 Samhain 1924) a bhfuil a ceoldrámaí i measc na cinn is minice a bhíonn á taibhiú sa repertoire caighdeánach. B'é Puccini "an cumadóir is mó de ceoldráma na hIodáile i ndiaidh Verdi". Cé go raibh a chuid luath-oibre fréamhaithe sa cheoldráma traidisiúnta Iodálach rómánsúil de chuid an 19ú haois-déanach, d'fhorbair sé go rathúil a chuid oibre i stíl 'réalaíoch' verismo, agus ba cheann de na príomh-léiritheoirí é sa deireadh.
Teaghlach agus oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh Puccini i Lucca san Tuscáin, sa bhliain 1858. Bhí sé ar cheann de sheachtar clainne de Mhichele Puccini agus Albina Magi. Bhí teaghlach Phuccini bunaithe i Lucca mar ríora áitiúil ceoil, ag athair a shin-seanathair, a bhí ainmnithe freisin 'Giacomo' (1712-1781). Bhí an chéad Giacomo Puccini seo ina 'maestro di cappella' den 'Catedrale San Martino' i Lucca. Tháinig a mhac Antonio Puccini i gcomharbacht air sa phost seo, agus ansin a mhac Domenico agus ansin mac Dhomenico, sé sin Michele (athair ábhair an airteagail seo). Rinne gach ceann de na fir ceoil seo staidéar ag Bologna, agus ghlac roinnt díobh staidéar breise ceoil in áiteanna eile. Rinne Domenico Puccini staidéar ar feadh tréimhse faoi Giovanni Paisiello. Chum an bheirt acu ceol don eaglais. Ina theannta sin, chum Domenico ceoldrámaí éagsúla, agus chum Michele ceoldráma amháin. Bhain athair Phuccini, sé sin Michele, clú agus dea-cháil amach ar fud thuaisceart na hIodáile, agus b' ócáid bhrónach phoiblí a chuid sochraide, agus bhí a reqiiem faoi stiúir an cumadóir clúiteach Giovanni Pacini.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |