Gerard ter Borch
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1617 Zwolle |
| Bás | 8 Nollaig 1681 63/64 bliana d'aois Deventer |
| Méara Deventer | |
| | |
| Teanga dhúchais | an Ollainnis |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | péintéir, amharcealaíontóir |
| Seánra | Péintéireacht seánra agus ealaín seánra |
| Gluaiseacht | Barócach |
| Catalogue raisonné | Gerard ter Borch catalog raisonné, 1913 (en) Gerard Terburg catalogue raisonné, 1833 (en) |
| Mac/iníon léinn de chuid | Pieter de Molijn (en) |
| Mac/iníon léinn | Caspar Netscher |
| Teangacha | An Ollainnis |
| Saothar | |
Saothar suntasach
| |
| Teaghlach | |
| Athair | Gerard ter Borch Mór |
| Siblín | Gesina ter Borch, Moses ter Borch agus Harmen ter Borch |
Ba phéintéir cáiliúil as an Ísiltír é Gerard ter Borch nó Gerard Terburg (IPA: /ɣəˈrɑrt tər ˈbɔrx/ nó /ɣəˈrɑrt tərˈbʏrx/, Zwolle, Nollaig 1617 - Deventer, 8 Nollaig 1681).[1] Chuaigh sé go Haarlem i 1633, áit a raibh tionchar mór ag Pieter de Molijn air.[2] Shiúil sé ar fud na hEorpa. Rugadh san Ísiltír é le linn Phoblacht na Seacht nDúiche Aontaithe, nuair a bhí an an tír an-saibhir.
Beathaisnéis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Gerard ter Borch i mí na Nollag 1617 i Zwolle i gcúige Overijssel i bPoblacht na nDúitseach.
Fuair sé oideachas den scoth óna athair Gerard ter Borch Mór ( Gerard ter Borch de Oude ), ealaíontóir freisin, agus d'fhorbair sé a thallann go han-luath. Cruthaíonn an inscríbhinn ar staidéar ar chloigeann go raibh Ter Borch in Amstardam sa bhliain 1632, áit a ndearna sé staidéar, b'fhéidir, faoi Willem Cornelisz Duyster nó Pieter Codde. Is féidir tionchar Duyster a rianú i bpictiúr ar a bhfuil an dáta 1638, san Ionides Bequest (Músaem Victoria agus Albert, Londain). Sa bhliain 1634 rinne sé staidéar faoi Pieter de Molijn i Haarlem. Taifead den tréimhse seo a chaith sé in Haarlem is ea 'The Consultation' (1635) atá san Berlinische Galerie, i mBerlin.
Nasc seachtrach
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Gailearaí ABC Curtha i gcartlann 2015-04-19 ar an Wayback Machine
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ National Gallery
- ↑ "Rijksmuseum". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-09-15. Dáta rochtana: 2013-12-08.