Jump to content

An Ghinéiv

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Genève)
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Ghinéiv
Genève (fr) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 46° 12′ N, 6° 09′ E / 46.2°N,6.15°E / 46.2; 6.15
Tíran Eilvéis
Cantún san Eilvéiscantún na Ginéive Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán203,840 (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús12,804.02 hab./km²
Teanga oifigiúilan Fhraincis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla15.92 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn Róin, Arve agus Loch na Ginéive Cuir in eagar ar Wikidata
Airde396 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist1201, 1202, 1203, 1204, 1205, 1206, 1207, 1208, 1209, 1211 agus 1200 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód22 Cuir in eagar ar Wikidata
Swiss municipality code (en) Aistrigh6621 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáingeneve.ch Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: villegeneve.ch X: villedegeneve Instagram: ville_de_geneve Cuir in eagar ar Wikidata

Cathair mhór san Eilvéis í an Ghinéiv (Fraincis: Genève, Gearmáinis: Genf, Iodáilis: Ginevra, Rómainis: Genevra, Franc-Phroibhinsis: Geneva), an dara cathair is mó sa tír de réir daonra tar éis Zürich agus an chathair is mó sa réigiún Romandie, an chuid den tíre ina labhraítear Fraincis mar phríomhtheanga. Suite san áit ina sníonn Abhainn na Róine amach as Loch na Ginéive, is í príomhchathair Chantún na Ginéive í.

Feictear ar an Ghinéiv inniu mar chathair dhomhanda, ós rud é go bhfuil roinnt eagraíochtaí idirnáisiúnta bunaithe sa chathair. Mar shampla, tá ceanncheathrú de chuid na Náisiúin Aontaithe agus an Chrois Dhearg san áit seo, agus is ann a síníodh Coinbhinsíuin na Ginéive.

Sa bhliain 2007, léirigh suirbhé de chuid Mercer Consulting go raibh an dara caighdeán maireachtála is airde ar domhain ag an Ghinéiv, tar éis Zürich, cathair eile san Eilvéis.

Ceaptar gur de bhunús Ceilteach é ainm na cathrach. "Genava" a thugtar uirthi i dtéacsanna ó ré na hImpireachta Rómhánaí.

Ba í Fraincis an teanga is comónta san Ghinéiv agus 72.3% (128,622 duine) á húsáid sa bhaile. Béarla an dara teanga is comónta le 4.4% (7,853). Spáinnis an tríú teanga is comónta le 4.2% (7,462). D'úsáid 4.1% (7,320) Iodáilis, 4% (7,050) Gearmáinis agus 113 Rómainis.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]