Gearmáiniam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gearmáiniam
Siombail Cheimiceach Ge
Uimhir Adamhach 32
Meáchan Adamhach 72.64(1) g·mol-1
Grúpa, Peiriad 14, 4, p
Dlús 5.323 g·cm-3
Sraith Cheimiceach Miotalóidigh
Ge-TableImage.png

Is é an gearmáiniam dúil cheimiceach uimhir a 32, agus is é an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná Ge. Leathmhiotal nó miotalóideach atá ann, is é sin, dúil a bhfuil saintréitheanna miotalacha agus neamh-mhiotalacha araon aici, agus é sách cosúil le dúile eile an ghrúpa chéanna freisin, is é sin, an stán agus an sileacan.

Níor aithin an duine an gearmáiniam mar dhúil ar leith ach sách deireanach i stair na ceimice, ós rud é nach bhfuil mórán mianraí saibhir i ngearmáiniam. Ba é Dmitri Mendeleev, a chéadcheap tábla peiriadach na ndúl, a thairngir sa bhliain 1869 go gcaithfeadh a leithéid de dhúil a bheith ann, ó bhí sí ag teastáil le folúntas sa tábla a líonadh. Bhaist sé "eka-sileacan" ar an dúil hipitéiseach sin. Sa bhliain 1886, d'éirigh leis an gceimiceoir Clemens Winkler sa Ghearmáin an dúil nua seo a aonrú, agus ós Gearmánach a bhí ann féin, is é an t-ainm a cheap sé di ná gearmáiniam.

Úsáidtear gearmáiniam mar leathsheoltóir sa leictreonaic thar aon rud eile, ach is iomaí leas eile a bhaintear as sa tionsclaíocht ardteicneolaíoch.

Tá ceithre iseatóp cobhsaí nádúrtha ag an ngearmáiniam, mar atá, gearmáiniam a 70 (21.23 % de ghearmáiniam an dúlra), gearmáiniam a 72 (27.66 %), gearmáiniam a 73 (7.73 %), agus gearmáiniam a 74 (35.94 %). An chuid eile de ghearmáiniam an dúlra (7.44 %), is éard atá ann ná gearmáiniam a 76. Iseatóp radaighníomhach é gearmáiniam a 76, ach tá a leathré chomh fada is gurb ar éigean is féidir an radaighníomhaíocht sin a aithint. Is é an meath a thagann air ná an béite-mheath dúbailte, agus is é seiléiniam a 76 an t-iníoniseatóp.

Is dual don ghearmáiniam imoibriú le hocsaigin an aeir nuair a théifear go 250 céim Celsius é. Mar sin a gheofar dé-ocsaíd ghearmáiniam GeO2. Bíonn an gearmáiniam sách díonta ar na tuaslagáin laga aigéadacha nó alcaileacha, ach imoibreoidh sé le haigéad sulfarach láidir agus le substaintí alcaileacha leáite, ionas go bhfaighfear ian gearmánáite GeO32-. Téann an t-ian i gcomhdhúile le hiain dheimhneacha le gearmánáití a dhéanamh. Úsáidtear an ghearmánáit bhiosmait Bi4Ge3O12 sna brathadóirí radaíochta (brathadóirí drithlíochta), ós drithleoir í - is é sin, is dual di drithliú nuair a bhuaileann cáithnín radaíochta í.

Is iad an dá uimhir ocsaídiúcháin is tábhachtaí ná +2 agus +4. Mar sin, tá dhá ocsaíd ann: GeO2 agus an aonocsaíd GeO. Is féidir dé-ocsaíd ghearmáiniam a tháirgeadh tríd an déshuilfíd ghearmáiniam GeS2 a róstadh. Is púdar bán í an dé-ocsaíd. Maidir leis an aonocsaíd, is féidir í a tháirgeadh trí imoibriú an ghearmáiniam leis an dé-ocsaíd. Bíonn comhéifeacht athraonta an tsolais infheicthe an-ard ag ocsaídí an ghearmáiniam agus ag na gearmánáití, ach ón taobh eile, ní chuireann siad mórán bac ar an radaíocht infridhearg.

Téann an gearmáiniam i gcomhdhúile dénártha (is é sin, comhdhúile nach bhfuil ach adamh dhá dhúil iontu) le dúile eile i ngrúpa na hocsaigine. Samplaí iad an déshuilfíd ghearmáiniam GeS2, an désheiléiníd GeSe2, an aonsuilfíd GeS, an aonseiléiníd GeSe agus an aonteallúiríd GeTe. Gheofar an déshuilfíd má chuirtear suilfíd hidrigine H2O ag dul trí thuaslagán aigéadach a bhfuil iain ghearmáiniam Ge4+ ann. Cé go bhfuil an déshuilfíd ghearmáiniam intuaslagtha san uisce, tá sí dothuaslagtha ar fad i dtuaslagáin aigéadacha uisce, agus mar sin, déanfaidh sí deascán. Le fírinne ba é an deascadh seo a cheadaigh do Winkler fionnachtain na dúile seo a dhéanamh i dtús báire.