Gavrilo Princip

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gavrilo Princip tar éis an feallmharú i Sairéavó.

Ba é Gavrilo Princip (Seirbis Chirileach:Гаврило Принцип) (25 Iúil, 189428 Aibreán, 1918) an duine a d'fheallmharaigh Ard-diúc Franz Ferdinand na hOstaire agus a bhean chéile Sophie, Bandiúc Hohenberg, ar 28 Meitheamh 1914, i Sairéavó.

Seirbiach Boisniach ab ea Princip. Creidtear go raibh sé ag obair ar son na Láimhe Duibhe (Crna ruka), grúpa a bhí ag troid ar son neamhspleáchais don Bhoisnia.

Thosaigh An Chéad Chogadh Domhanda mar thoradh ar an eachtra seo.Ba ea dúnmharú Franz Ferdinand a chuir tús ar shraith imeachtaí a tharla go gairid ina dhiaidh.

Níor gearradh pionós an bháis ar Phrincip mar bhí sé ró-óg ag an am (19 bliain d'aois). Fuair Princip bás d'eitinn i 1918, agus é fós faoi ghlas.

An triail